An ndéanann sibh gnó le comhlachtaí le Gaeilge nuair is féidir sin?
An bhfuil fostaíocht á cur ar fáil agaibh do dhaoine le Gaeilge?
An bhfuil seirbhís á cur ar fáil agaibh do lucht na Gaeilge?

Má thug sibh freagra dearfach ar cheann ar bith de na ceisteanna thuas, tá margadh réidh le fáil agaibh, ach sibh féin a réiteach do mhargadh ar líne.

Cuireann

EGT

seirbhísí deartha
seirbhísí aistriúcháin
seirbhísí maisiúcháin
seirbhísí stórála
seirbhísí cothabhála
seirbhísí fógraíochta

LEATHANAIGH LÍN ar fáil!

Cad is leathanach lín ann? Fógra maisithe ar líne is ea é, chun sibh féin agus an obair atá ar siúl agaibh a chur in iúl don saol mór is a mháthair, 24 uair sa ló, 7 lá na seachtaine. Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine, mar a deir an seanfhocal. Ar scáileán a chéile a mhairfimid feasta.

Tá scil agus cumas ar leith ag EGT sna cúrsaí seo.
Breathnaígí ar https://www.egt.ie agus ar na leathanaigh eile is féidir a rochtain uathu sin.

Anois, an bhfuil sibh fós gan leathanaigh lín, nó sibh mí-shásta leis na cinn atá agaibh?

Iarr meastachán inniu ar EGT.