ClarisWorks - Táirgí



TáirgíEarra BogSupport

  • English version of this page
  • Díoltóirí in Éirinn
  • Luchtaigh Réamhrá le ClarisWorks (887K)

  • Earra bog Claris
  • Modh ordaithe
  • Sainréitigh
  • Bosca Moltaí
  • Eolas Breise - (PDF) *
  • Ceadúnas

    * Tá "plug-in" Adobe Acrobat Amber nó an Adobe Acrobat Reader riachtanach chun an leathanach sonraí PDF a fheiceáil.



  • Léargas ar an Táirge

    Cuimsíonn earra bog ClarisWorks riachtanais úsáideoirí Macintosh agus Windows i dteannta a chéile! Tá sé ar an earra bog is fusa le láimhseáil dá shórt, agus cuirtear comhairle ghairmiúil ar fáil mar thaca leis, in aon phacáiste cumasach amháin. Cuideoidh Cúntóirí ClarisWorks agus a 150 Aicearra leat an obair is casta a dhéanamh, agus cuirfidh siad sainchomhairle ar fáil duit, maidir le dearadh agus leagan amach doiciméad. Coiglíonn dearadh sainiúil an earra bhoig áirithe seo spás diosca, agus is é ClarisWorks an t-aon phacáiste amháin a bhfuil na leaganacha Macintosh agus Windows de lán-oiriúnach dá chéile.



    Príomhbhuanna

  • Aon Fheidhmchlár Cumasach amháin
    Próiseálaí focal a bhfuil gnéithe ann a ligfidh duit téacs, cnámha doiciméid, scarbhileoga cairteanna, sleamhnáin, saothar grafaice, agus péinteála a úsáid sa leathanach ceanann céanna!
  • Formáidiú Ildánach
    Cruthaigh doiciméid fhada chasta a mbeidh an iliomad rannóg iontu -- le himill, colúin, eangú, ceanntáisc agus buntáisc (ar clé, ar dheis, nó ar leathanaigh ar aghaidh a chéile), spásáil línte, agus comhfhadú dá cuid féin ag gach aon rannóg faoi seach.
  • Comhairle Ghairmiúil agus Uathoibriú chun Am a Shábháil
    Saincheap táib, imill, eangú, spásáil línte, uathfhleiscíniú, comhfhadú. Cruthaigh íomhá úr le clónna éagsúla, stíleanna éagsúla, agus toisí éagsúla páipéir.
  • Láimseáil agus Tuairisciú Éasca ar Bhunachar Sonraí
    Rognaigh, grúpáil, sainaithin díreach na sonraí áirithe atá uait. Eagraigh eolas go tapa, le cumas uathshórtála. Cruthaigh lipéid seolta gan aon dua in aon chor.
  • Roinn Comhaid le daoine a úsáideann Ríomhairí agus Feidhmchláir de dhéantús eile
    Oscail an doiciméad céanna i gClarisWorks do Mhacintosh nó do Windows 95. Is é an comhéadan ceanann céanna a léireofar ar do scáileán. Roinn comhaid i bpáirt le húsáideoirí eile a bhfuil feidhmchláir choitianta de chuid Macintosh, Microsoft, Windows, nó DOS acu.
  • Uirlisí Scarbhileoige agus Cairte
    Cuirfidh 100 feidhm insuite ar do chumas anailís a dhéanamh ar shonraí de réir dátaí, ama, cúinsí matamaitice, staitisticiúla, airgidis, loighciúla, nó téacs. Cruthaigh cairteanna de dhosaen cineál éagsúla. Cuir dathanna isteach, feidhmeanna 3-D, grádáin, lipéid, chun cairteanna a fhormáidiú.

  • Claris Main Contact Claris


    Cóipcheart © 1994-1996, Claris Corporation. Gach ceart ar cosaint. Trádmharcanna Claris. Trádmharcanna Apple. Fochomhlacht de chuid Apple Computer, Inc. is ea Claris. Cóiriú Gaeilge forbartha ag EGT.