Madra na nOcht gCos

Gearrscéal le Marion Gunn

Leath an Fear Mór a dhá bhois ar leic na fuinneoige. Siar síos uaidh a bhí an slua. Cruinniú agóide. Gan aon eolas ar a mhalairt acu, ar ndóigh.

-- Bíodh acu, ó is gearr a ré.

Shantaigh agus mhuirnigh an fuacht, gur leáigh faoina láimh. B'fhuaire fós faoina láimh an pána gloine. Faoiseamh ó theas marfach tirim na saotharlainne.

Bhí ag méadú ar an gclampar thíos. Leath scáil tais óna ladhar amach gur chosc a radharc ar an slua. Níorbh fhéidir an fhuinneog a oscailt.

Lá feannta fuar mar é seo a bhí ann an lá rugadh uan an dá chloigeann i gcúil thoir pháirc an aird. Gile na gréine ag cur leis an bhfuacht.

Gáire faoina bhéal ag a athair, agus an caipín ag folach na súl. B'ait leis nárbh fhéidir glór a athar a thabhairt chun cuimhne.

Guth a mháthar a bhí ina chluasa agus í ag bagairt air a bheith istigh. Cuthach uirthi faoi gur ligeadh an páiste in aon ghaobhar don ainriochtán.

B'iontach an tuiscint a bhí ag an seanfhear nár thug aon aistear riamh lena shaol achar is sia ó bhaile é ná an chuairt fhánach ar an bPríomhchathair, agus an méid sin ar tathaint óna mhac.

É de shíor ag caitheamh ceisteanna chugat faoi seo agus faoi siúd. Do do chrá le ceisteanna nach raibh a réiteach agat féin, ná ag aon fhear beo. É ag síorchur na súile tríot.

Cé gurbh fhada anois ina gcré an tseanlánúin, níorbh fhada an mhoill ar an dá scáil gan teacht ina fhianaise. Cúraimí beaga ag cur tinnis i gcónaí ar an máthair. Gluaiseacht mhall mhaorga réidh faoin athair.

Ise ag cúlú siar ón gcomhrá. Ag seachaint na súl. Ag diúltú páirt ar bith a ghlacadh sa chonspóid. Í ina headránaí, ar uairibh. Eagla a croí i gcónaí uirthi go dtarraingeodh ceist achrannach ghabhlánach éigin aighneas idir an bheirt fhear.

Chas ar a sháil agus shiúil anonn go dtí an mbinse oibre, san áit a raibh an moncaí ag teacht chuige féin arís. Ba dhóigh le duine ar fhéachaint air gur thuig sé cad a bhí ar bun. Gan aon chor á chur de.

Ba dheacair dó, ar ndóigh, agus a ghéaga spréite amach ar an mbinse oibre agus iad faoi cheangal. Na súile ródhorcha sin ag féachaint san éadan ort, ach gan aon impí a thuilleadh iontu.

Bhí dhá shnáthaid ag corraí sa mhéadar leictreonach. An tríú ceann ina stad. Níorbh fholáir a réiteach arís, ina gceann agus ina gceann, na sreangáin a bhí i gcúl a chloiginn ag an moncaí.

Bhí leis an turas seo. Bhí aige an toradh a bhí uaidh. Ceann eile lena chinntiú, b'fhéidir, ach b'shin obair an lae amáirigh. Níor bheag sin. Níor theastaigh, i ndeireadh na dála, ach seacht gcloigeann déag as an scór moncaí a bhí ar ordú aige ó oifig an tsoláthair.

Ba charghas leis i gcónaí dul ag plé leo, mar lucht soláthair. Dé dhánaíocht iontu Please state for what purpose required a chur ar bharr an leathanaigh, agus mar bharr ar an donas, Nature of experiment.

Postúlacht lucht oifige! Dá dtuigfeadh éinne acu cad chuige na soláthairtí seo, ní ag obair in oifig an riaracháin a bheadh sé.

-- Bhúr ndúshlán anois, a lucht na hoifige, meabhar a bhaint as an méid atá curtha síos agam faoin bPurpose agaibh!

Gleo aníos ó pháirc na himeartha a mheall i dtreo na fuinneoige arís é. B'iontach an feic gruaig na mac léinn ina sruth lonrach ildathach faoi ghrian ghairg gheal an Mhárta.

"No Neutron" i mbéal an tslua. "Neutron No" ar bharr gach bata.

Cár thógtha orthu é, ó bhí sé sa bhfaisean lucht déanta buamaí móra a cháineadh, lucht déanta buamaí beaga a mholadh.

Bhí an t-ádh dearg air nár tháinig a rannóg féin faoi raon a súl ag dream agóide ar bith acu le breis agus scór bliain.

Bhí ag teip ar ionadaí an rialtais a bhealach a dhéanamh tríothu. B'fhollas nár thuig sé nár bhaol dó an slua. Deoir faoina shúil aige, agus deoir faoina shrón. An aghaidh rocach shnóite ar lasadh.

Ba ag cruinniú agóide den chineál seo a casadh a bhean féin ar an bhFear Mór i gcéad uair. Blús dearg teannta uirthi, ó bhí sin sa bhfaisean, leis, an uair úd. Tóinín triopallach teann.

Aghaidh na muc is na madraí uirthi chuigi féin, ó ba é a cuireadh síos chun cainte leis an slua bagartha a bhí ina suí fúthu ar leic an dorais ag Ceann na Roinne.

Cúig bliana déag a bhí eatarthu nuair a phós. Ba dhóigh le duine ar a béasa gurb í ba shine anois. B'fhada ó leath an tóinín triopallach gur dhein lán na cathaoireach di. Cár mhiste leis féin an méid sin anois, agus a ré féin tugtha? Tamall dó ar féaradh in iníor deoranta. Fíorannamh anois a bhuaileann fonn leathair é, áfach.

Gan aon róchríonnacht inti mar bhean, ach an oiread lena mháthair féin, ach í ábalta ar í féin a iompar mar is cuí i láthair cuideachtan. Bua nár chlis riamh uirthi i gcúrsaí dioplamáideachais san Ollscoil, agus go deimhin gur theastaigh sin, go háirithe ó dheineadh Ceann Roinne de féin.

Go deimhin duit gurbh aisteach go deo na tuairimí a bhí aici sular pósadh iad. Bliain fhada is ráithe a ghlac sé air a thabhairt uirthi an feoilséanadh a chur uaithi agus ciall a bheith aici, agus gan a bheith ag tarraingt aird na ndaoine orthu sa bhialann lena cuid piocaireacht.

Ní raibh de locht le fáil anois uirthi, mar chéile, ach an méid seo -- go raibh cosc glan curtha aici ar obair na saotharlainne mar ábhar comhráidh eatarthu. An obair mhór a bhí curtha i gcrích aige inniu, ní bheadh ar a cumas a lua léi.

Dá labhródh sé ina thaobh, ní éisteodh sí. Ní thuigfeadh, agus ar an gcuntar sin ní éisteodh.

B'amaideach go deo mar ghnó aici col a ghlacadh le caint den tsórt sin. Togha cócaire a bhí anois inti, ó thairnigh ré na nglasraí. An amhlaidh a mheas sí go raibh cead ropadh leis ag an mbúistéir, agus a chead sin á cheilt aici ar an mbitheolaí?

Mhuscail an smaoineamh sin an dúil ann, agis d'imigh air abhaile.


Ón iris Feasta 31:6, Meitheamh 1978, lgh. 13-14.
Téir go dtí innéacs EGT
Marion Gunn , EGT , 1996-10-13.