Coimhthíos

Gearrscéal le Marion Gunn

An guth garbh taobh liom a mhúscail as mo thaibhreamh mé. Ultach i bhfad ó bhaile. Cinnte, thabharfadh an bus seo go Ráth Maoinis é. Is ann a bhí mise ag dul.

-- An fada eile atá le dul againn?

Thugas freagra grod ar an gceist sin. Cad a bhí air nár fhan sa chabán íochtarach, áit a mbeadh comhairle le fáil aige ó thiománaí an bhus?

-- Halla Baile Ráth Maoinis atá uaim.

Má bhí fonn cainte air siúd, níor mhar sin domhsa. An leabhar a bhí in íochtar mo mhála agam, bhí fonn orm é a thabhairt aníos leis an méid sin a chur in iúl dó. Thugas cúl leis agus chas i dtreo na fuinneoige.

Scathán dubh a bhí san fhuinneog. Ní raibh aon radharc le fáil agam ar an saol mór lasmuigh. D'fhair mé scáil mo chompánaigh. Aghaidh thanaí lom. Cnámha an chloiginn glanghearrtha ar an bpána gloine. Doimhneas do-mheasta in áit na súl.

-- Thiocfadh do dhuine gabháil thar an áit i ngan fhios dó féin sa dorchadas.

An chaoi a d'ísligh a ghlór ar an bhfocal "dorchadas" a thug orm géilleadh agus iarracht a dhéanamh ar ábhar cainte a sholáthar dó.

-- Stróinséir san Ardchathair tú?

-- Sea.

-- Lá mór an lá inniu ag muintir an tuaiscirt. Rinne siad éacht agus Ciarraí a bhualadh.

-- Rinne. Bhí tú ann?

-- Bhí. Agus tusa?

-- Bhí mise ann, chomh maith.

-- Tost. Muintir an tuaiscirt an t-aon ábhar cainte atá ag muintir an tuaiscirt. Thug mé iarracht eile.

-- Ní maith iad na scéalta a chloisim ód thaoibhse tíre.

-- Ní maith. Tá ina chogadh.

-- Thugainn féin corrthuras ar Bhéal Feirste. Ach ní raibh mé ann le blianta beaga anuas; ó thosaigh an trioblóid sa taobh ó thuaidh, tá 'fhios agat.

--Tá ina chogadh, agus is cuma duit é.

Thug mé sracfhéachaint siar thar mo ghualainn air. Bhí an dá shúil ar lasadh ina cheann. Fear buile. Shíl mé é a chur chun suaimhnis sara n-ardódh sé a ghuth.

-- Nil duine sa tír nach trua leis bhur gcás.

-- Labhair mé inniu le fiche eile de do shórt. Is ró-chuma libh sinne a bheith i mbroid.

-- M'anam nach fíor. Tá daoine ann atá ag obair ar a míle dícheall le theacht i gcabhair oraibh.

-- An ar thaobh lucht na síochána atá siad ag obair leo ar ár son, nó ar thaobh lucht na saoirse?

Ar le searús a dúirt sé an méid sin? Ní fheádfainn a bheith cinnte fós arbh fhear buile de chuid na gluaiseachta a bhí ann, nó an raibh sé gafa le cúrsaí creidimh. Shíl mé fanacht ar an láimh shábhálta.

-- Tá muintir an deiscirt deighilte mar an gcéanna.

-- An bhfuil anois?

-- Tá. Tá daoine ann a thaobhaíonn lucht na síochána agus tá daoine eile ann a thugann a dtacaíocht do ghluaiseacht na poblachta.

-- Deighilt ghlan atá ann, más ea, a leath ar a son agus an leath eile ina n-éadan?

Theip orm aon bhrí a bhaint as an méid sin, ach bhí leisce orm aon cheistiúchán ró-mhór a chur air. Eisean is túisce a labhair.

-- Agus cén taobh lena ngabhann tusa?

-- Níl lámh ná páirt agamsa sa ghnó. Fanaimse glan ar an dá thaobh.

-- Tá an tríú taobh ann, mar sin?

-- Más áil leat sin a thabhairt air, tá.

-- Tá an tríú taobh ó thuaidh, leis, ann.

Bhí fúm aguisín a chur leis sin, agua rá go raibh an ceathrú agus an cúigiú, an séú agus an fichiú taobh ó thuaidh ann; ach choinnigh guaim orm féin.

-- Tá a tríú taobh ann, sa taobh ó thuaidh. Agus más cuma libh cás an dá thaobh eile sin, is ró-chuma libh cás an tríú cinn.

-- Den tríú taobh tú féin, is dócha?

-- Den tríú taobh.

Níor oscail a bhéal go raibh deireadh scríbe sroichte againn. Thuirlingíomar den bhus in éineacht. Mise is túisce a labhair ansin.

-- Níl eolas na háite agat?

-- Níl.

-- Arbh áil leat go gcuirfinn ar an mbóthar ceart tú?

-- Ní raibh uaim ach Ráth Maoinis a fheiceáil.

-- Ráth Maoinis a fheiceáil?

-- Sea. Bhí mé i mBaile Thormoid inniu, agus i mBaile Muna. Thug mé tamall i lár na cathrach. Bhí uaim Páirc an Chrócaigh a fheiceáil, agus tá sin feicthe agam. Tá an chuid is mó de do Ardchathair siúlta ó mhaidin agam. Agus anois is mian liom filleadh abhaile.

Shiúil leis go réidh go dtí an taobh eile den tsráid. Leanas féin dá shampla, faoi mar dá mbeinn faoi dhraíocht aige. Fear buile, nó naomh de réir a thuisceana féin; ainsprid. -- An fógra seo AN LÁR ar bharr an bhus anseo, ciallaíonn sin lár na cathrach, an gciallaíonn?

-- Ciallaíonn. Ach fóill ort agus inis an méid seo dom -- cén chúis a bhí agat leis an oilithreacht seo a thabhairt ort féin?

-- Na sráideanna a shiúil mise inniu, ní fada eile a sheasfaidh siad. "Cloch ar chloich ní sheasfaidh den chathair sin."

Chuala an méid sin ach níor thuig, gur sciob an bus uaim é. Bhí uaim a rá leis gur de bhunadh cathrach mé féin. Bhí uaim a chur a a shúile dó nach raibh idir sinn agus an dorchadas sinseartha ach soilse na cathrach.


Ón iris Feasta 30:8, Lúnasa 1978, lgh. 20-21.
Téir go dtí innéacs EGT
Marion Gunn , EGT , 1996-10-12.