An Bhean a Mharaigh an Planda

Gearrscéal le Marion Gunn

-- Seachain an mbáifeá é. Braoinín beag uair sa tseachtain, sin a mbíonn uaidh. Agus ná dóirt anuas air é. Cuir an t-uisce ar an bpláta thíos faoi, agus fág faoin bplanda é a shú aníos trí na rútaí.

Ba dheas an cuimhneamh aici é, ar ndóigh, a planda pota a fhágáil mar oidhreacht agam agus í ag imeacht. Bhí planda pota dá cuid féin ag gach duine eile sa linn ríomhscríbhneoireachta. Ba dheas uaithi cuimhneamh orm.

-- Ar mhaith leat go gcuirfinn síos i scríbhinn duit é?

Dúrt léi nár ghá di é, mar go raibh feirm thalún ag mo mhuintir sa bhaile, agus eolas dá réir sin agam féin ar na cúraimí a bhaineann le plandaí; gur sin an rud ba mhó a bhraitheas uaim ó thánag chun na cathrach. Ní dúrt léi go raibh an ghráin ariamh agam ar phlandaí tí.

D'fhéachas arís ar an bplanda. Fás ó thír i bhfad i gcéin. Duilleoga tiubha air, má ba duilleoga iad, agus gas cam. Síolrach leis ag cur a gceann aníos den chré.

-- Agus ní mholfainn duit é a fhágáil ansin, ar eagla go leagfaí den mbord é. Déan slí dó ar an seilf in uachtar taobh leat, mar atá déanta ag na cailíní eile.

Ghaibh mé buíochas léí arís as an tabharthas, agus d'imigh sí. Thógas an pota i mo láimh agus bhain craitheadh as.

Rith sé liom go bhféadfainn é a bhá. Ba é an dealramh a bhí air, nár mhaith leis a chosa a bheith san uisce aige. Cúig lá as an chéile an tseachtain sin, líon mé an pláta a bhí faoi. Ach bhí orm an tseift áirithe sin a chur uaim an tseachtain dár gcionn, mar go raibh boladh nár chumhra ag éirí aníos den chré.

Bheartaíos ansin gan aon uisce in aon chor a chur air; gan ligean dó blaiseadh den uisce go mbeadh deireadh leis. D'fhágas ar leic na fuinneoige ansin é, gan aon chosaint aige ar theas na gréine.

Chuaigh seachtain thart. Dhírigh a ghas agus thug a aghaidh chun na gréine. Seachtain eile agus bhí borradh suntasach faoi. D'fhás gur leath a ghéaga thar imeall an phota. Faoi lár an tsamhraidh níor fhan orlach ar leic na fuinneoige gan clúdach.

Ní mise amháin a bhí ag faire air. Cheistigh na ríomhscríobhaithe eile mé ina thaobh. Ba ghearr go raibh siad ag iarraidh mo chomhairle faoi na plandaí acu féin. Bhí leisce orm a rá leo nach raibh aon chúram ar leithligh á ghlacadh agam le mo phlanda-sa, ach a mhalairt ar fad.

Tháinig bean acu chugam agus pota ina láimh aici. Chuir sé samhnas orm go raibh cion ag an mbean bhocht ar an suarachán bréan a bhí sa phota aici. Gas maol ag gobadh aníos den ithir, agus an ithir sin ar maos.

Ba é mo mholadh di, gan aon uisce a chur air go ceann trí seachtaine, agus ansin braoinín beag a thabhairt gach re lá dó, as sin amach. Cad déarfá ná gur mhair an planda. óladh mo shláinte am caifé dá bharr.

Lá eile agus bhí bean chugam a raibh a planda éirithe ró-mhór dá phota. D'iarr mé iasacht siosúr uirthi, agus thug aghaidh ar an alpachán gránna gan snua gan slacht. Níorbh éagosúil é le bean a chothaithe.

Bhain mé an ceann de. Bhain mé sásamh mí-chuíosach as an méid sin a dhéanamh, agus lean orm den scrios go dtí nár fhan sa phota ach orlach den ghas agus dornán duilleog air. An bhean ar léi an planda, níor fhan focal ina béal. Dúrt léi gan aon imní a bheith uirthi ina thaobh; nár bhaol do leinbhín a croí. Mhair an planda.

Leath mo cháil ar fud an fhoirgnimh. Níor fhan cúinne de nár chuir mé aithne ar an bplanda a thug a ré ann. Thugainn corrthuras ar an leabharlainn a bhí in aice láimhe, ag cur le m'eolas. Chaithfinn sin a dhéanamh, ó bhí teist an tsaineolaí amuigh orm.

Faoi lár Lúnasa, bhí athrú datha ag teacht ar dhuilliúr mo phlanda-sa. Dath fionnrua a bhí air agus mé ag imeacht ar mo laethe saoire. Bhí a fhios agam an uair sin nach fada eile a mhairfeadh gan blaiseadh den uisce. Bhí ailibí den scoth agam: dá gcaillfí den tart é agus mise as baile, níorbh fhéidir aon mhilleán a leagan orm sa ina thaobh, agus ní bhainfí de mo chliú dá bharr.

Nuair a d'fhill mé ar an oifig ní raibh romham ar leic na fuinneoige ach an gas seirgthe agus an duilliœr feoite. Dúirt duine de na cailíní liom gur chuir mo phlanda-sa bláthanna bána amahc, gur líon an seomra dá gcumhracht, agus ansin gur chrap a ghas agus gur éag sé.

Ar chuma égin bhí leisce orm creatlach an phlanda a chaitheamh sa bhosca bruscair. Am lóin an lá dár gcionn, thugas liom é go dtí siopa gairneoireachta i lár na cathrach.

Bean óg a bhí ag an gcuntar. Thug sí sracfhéachaint ar an gcorpán sa phota, agus d'fhiafraigh díom cén t-ainm a bhí air. Leag pota eile taobh leis ar an gcuntar, pota a raibh planda den déanamh céanna ann agus é faoi bhláth.

Mhíníos di nach planda úr a bhí uaim, ach eolas, 'féachaint an raibh bealach ar bith ann go bhféadfainnse mo phlanda a shlánú. Dúirt sise nach raibh aon tuiscint in aon chor aici ar na cúrsaí sin; nach raibh anseo aici ach post sealadach go deireadh an tsamhraidh. Ghlaoigh sí aníos ar fhar an tsiopa.

Fear scothaosta a bhí ann. Miotóga móra oibre air, agus súile linbh faoi mhalaí troma dubha. Scrúdaigh seisean an planda agus dúirt nach raibh ann ach an caolsheans go bhféadfaí an planda a shlánú; gurbh é a chomhairle domh, ceann úr a chur in áit.

Is ansin a tháinig na deora liom, agus an sruth cainte. Dúrt leo gur mé féin a bhí ciontach i mbás an phlanda; gur d'aon ghnó a chuireas den saol é; go raibh a chathú sin anois orm; go mba tógáil croí dom é a fheiscint slán folláin mar a bhí.

Leath a súile ag an mbean óg. Rug fear an tsiopa ar an bpota, agus chaith ar aibh ann amach arr an gcuntar. Thóg an gas seirgthe ina láimh ansin, agus bhain an barr de. Chuir pota den chré úr faoi.

-- Fágaimís a chosa san uisce thar oíche, go bhfeicimíd.

Ghaibh mé buíochas leis, agus bhí ar tí imeacht nuair a d'fhiafraigh sé díom an raibh mo lón ite fós agam. Dúrt leis nach raibh, nach móide go mbeadh an t-am agam anois dó, mar go gcaithfinn a bheith ar ais san oifig agus i mbun oibre ag an dó a chlog. Bhí an citeal aibhléise ina láimh aige faoin am seo, agus dúirt go raibh cupán tae ar fáil, dá mb'áil liom glacadh leis. Dhruid an bhean óg doras na sráide, agus chuaigh amach ag tóraíocht lóin di féin.

-- Cad a thug ort mo dhuine bocht anseo a chur den saol?

Ní foláir nó thug mé scéal mo bheatha ansin dó. Is cuimhin liom go ndúrt leis go raibh an ghráin ariamh agam ar phlandaí tí, agus go raibh ag méadú ar an ngráin sin ó cuireadh isteach sa linn ríomhscríbhneoireachta mé, san áit a raibh planda i ngach cúinne ann; gan trácht ar na cinn a thugadh na ríomhscríobhaithe eile isteach.

-- An fuath a bhí agat don phlanda seo, le hais an ghrá a bhí ag na cailíní eile dá gcuid féin, níor leor sin de mhíniú ar an scéal.

B'fhíor dó. Bhí orm a admháil gur chuir sé uafás anois orm a thuiscint go bhféadfadh planda i bpota fuath chomh mór sin a mhúscailt ionam go dtabharfadh sé orm ceann acu a chur chun báis.

-- Thuigfinn an méid sin, a stór, ach is é an rud is mó a chuireann imní orm i dtaobh na hoibre seo ar fad -- go mbeadh na deora leat anois ina thaobh.

Chuaigh dian orm a chreidiúint ar dtúis, ach b'éigean dom a admháil sa deireadh go mbeadh uaigneas orm i ndiaidh an phlanda. Bhí an ghráin sin a bhí agam dó, agus an spéis a bhí anois agam i bplandaí pota na ndaoine eile, bhí sé mar dhíon agam ar leimhe obair na hoifige.

Thug sin chun mo chuimhne an uair a cuireadh fios orm ón linn ríomhscríbhneoireachta chun dul ag obair mar chúntóir pearsanta ag duine de na boic mhóra. Dá dhonacht é an linn ríomhscríbhneoireachta, bhí an áit eile seo ar cuireadh ann mé seacht n-uaire níba mheasa.

Bhíodh an teileafón ag seinm leis ar feadh an lae, agus gan ach pána gloine ag deighilt mo chuidse den seomra ó oifig an té a raibh mé in ainm is a bheith ag obair dó. Shantaigh seisean an ciúnas, agus rinne casachtach bheag gach uair a bhuailfeadh cloigín an teileafóin. Cuireadh mionghleo an mhéarchláir ag siúl suas síos an seomra é. Níor fhéad sé an deachtafón a fhulaingt in aon chor, agus d'imíodh leis go dtí seomra eile an dá luaithe is a chuifinn ar siúl é.

Bhí ag teip orm aon obair ar fónamh a dhéanamh ann. Ba léir ar a iompar gur thuig sé go gcaithfeadh mise nó mo leithéid eile a bheith beo leis an obair shuarach a dhéanamh, ach nach raibh sé sásta a ghéilleadh go gcaithfinn a bheith beo san áit a mbeinn le clos ná le feiscint aige féin.

An lá seo chuala comhrá nár cheart dom a chlos, agus nach féidir liom a thabhairt chun mo chuimhne anois de ach gur faoi "chailín a bhfuil problems aici" a bhí siad ag caint, agus go raibh siad meáite ar "í a chaitheamh ar ais sa linn ríomhscríbhneoireachta go mbí snámh aici".

Ba mhór an faoiseamh dom é nuair a cuireadh in iúl dom go raibh sé in am agam filleadh ar an linn ríomhscríbhneoireachta; go mbeadh bean eile ag teacht aníos i m'áit. Ba í an bhean sin a d'fhág an planda pota agam agus í ag imeacht.

Nuair a bhí deireadh ráite agam, d'éirigh fear an tsiopa agus chuaigh ag obair dó féin i measc na bplandaí. An sruth smaointe sin a bhí curtha díom agam, ní raibh a fios agam go dtí an lá sin a leithéid a bheith in íochtar m'intinne agam. Faoin am ar tháinig an chaint chugam arís, bhí an bhean óg i mbun oibre arís laistiar den gcuntar.

An tráthnóna sin agus mé sa linn ríomhscríbhneoireachta, dhearcas go grinn ar a raibh sa seomra. Tháinig tocht orm. Thuig chom hgar is a chuas do ghéilleadh do shaol seo na hoifige. Bliain amháin eile agus bheinn i mo phlanda pota ar nós na coda eile; ach in áit a bheith ag cur bláthan na amach mar a bhí á dhéanamh ag na cailíní eile, gurb amhlaidh a bheinn ag crapadh agus ag cúbadh agus ag cúlú siar ón gcomhluadar. Saol maith caidreamhach saol an linn ríomhscríbhneoireachta ag an té a bhfuil cleachtadh aici air, ach tá daoine ann nach féidir leo a mbeatha a thabhairt céim ar chéim leis an gcuid eile. Scríobh mé litir an lá sin chuig lucht an údaráis, á thabhairt le fios dóibh go raibh mé meáite ar éirí as an bpost.

Seachtain in a dhiaidh sin, chuas ag triaill ar an siopa gairneoireachta. Níor mhair mo phlanda.

-- Bhí fúm do bhris a chásamh leat, a stór, ach déarfainn anois, le féachaint ort, nach mbrisfear do chroí dá bharr.

Bhí an ceart ar fad ansin aige, gur beag an baol a bhí anois orm bás mo phlanda a chaoineadh. Níor chuir sé aon ionadh ró-mhór air nuair a dúrt leis go raibh ar intinn agam ceard eile seachas ceard an chlóscríobhaí a tharraingt chugam. D'aontaigh liom nuair a dúrt leis gur mhór an feall gan an t-eolas a bhí anois agam faoi na cúraimí a bhain le plandaí a chur ag obair in áit éigin. Lig air nár thuig cad chuige a bhí mé. B'éigean dom labhairt amach ar deireadh agus an post sin a bheadh ar fáil ag deireadh an tsamhraidh a iarraidh air.

Dúirt seisean nach raibh baol ar bith ann go nglacfadh sé liomsa mar chúntóir sa siopa aige; nach mbeadh lá eile suaimhnis aige, ach é ag iarraidh súil a choinneáil ormsa an t-am ar fad.

-- Cá bhfios dom nach taom eile a bhuailfeadh tú, agus tú anseo, go gcuirfeá lasair thine leis an áit, b'fhéidir?

Ach lean orm gur ghéill sé, ar an gcoinníoll go mbeinn glanta liom as an áit an dá luaithe is a ghlacfadh fuath na bplandaí arís mé.


Ón iris Comhar 30:8, Meitheamh 1977, lgh. 18-20.
Téir go dtí innéacs EGT
Marion Gunn , EGT , 1996-10-12.