SAOL

    NUACHTIRIS MHÍOSÚIL PHOBAL NA GAEILGE
    Imleabhar 10 * Uimhir 1 * Eanáir 1997

    Leagan leictreonach curtha ar fáil ag Michael Everson

    180,000 AG BREATHNÚ!

    De réir taighde neamh-spleáigh a rinne Landsdowne do Theilifís na Gaeilge roimh an Nollaig, bhí suas le 180,000 duine ag breathnú ar TnaG ar a laghad uair sa tseachtain. Rinneadh an obair fiosrúcháin ar shampla ionadaíoch 1,401 duine os cionn 15 bliana d'aois.

    Tugtar le fios sa taighde freisin go mbeadh tacaíocht láidir ar fáil d'aon bheartas a mhéadódh na deiseanna laethúla atá ag daoine Gaeilge a labhairt.

    Aithníodh, mar a léirítear i litir ar leathanach 8 den eagrán seo de SAOL, go bhfuil fadhbanna ag daoine teacht ar an stáisiún. Deacrachtaí tiúnála iad seo atá ag an gcúigiú cuid de theaghlaigh na tíre, meastar, ach go bhfuil fonn ar a leath díobh seo teacht ar TnaG gan ró-mhoill.

    Chuige sin, tá uimhir saorfóin speisialta anois ann chun pé deacrachtaí atá acu seo a leigheas. Seo 1850 584-584. Scaip an scéal!

    San Eagrán seo de SAOL:

  • Tuarascáil Seolta
  • Ról úr ag an Údarás
  • An tSíleáil Ghloine
  • Gaelscoil Bharra i gCabhrach oscailte
  • Cúrsa Dramaíochta ag Feachtas
  • Ceist Mhór
  • Féilirí breátha ar fáil
  • Comórtas Díospóireachta
  • Comórtas Mhichelle
  • Cúrsaí i gCeardlann an Spidéil
  • An Léitheoir
  • Dul Siar Ar M'Aistear (dán)
  • Dumhaí Bhrú na Bóinne
  • Tigh Chairbre an Cheoil
  • Gradam na Sean-Ghael
  • Ó Bharr go Barr
  • CU Burn
  • Athbhreithniú infheistíochta á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta
  • Litreacha chuig an Eagarthóir
  • Turas go Mars (dán)
  • Raidhse le Rónán
  • Comórtas Gailf na Gaeltachta
  • Saibhreas Seanchais
  • Maireann an Dúchas
  • Oidhreacht Chorca Dhuibhne
  • An Chrannóg
  • Trí Chúrsa Comhrá Gaeilge
  • Gairm don Oideachas
  • Leathanach na bhFoghlaimeoirí
  • Agallamh Spóirt na Míosa

  • GUÍONN SAOL ATHBHLIAIN FAOI SHÉAN 'S FAOI MHAISE D'ÁR LÉITHEOIRÍ UILE


    Tuarascáil Seolta

    Sheol Cathaoirleach Bhord na Gaeilge, Micheál Ó Muircheartaigh, tuairisc dar teideal An Dátheangachas san Earnáil Phoiblí, Anailís ar Cheistneoir 1995, in Áras an Bhoird le déanaí. Tá an tuairisc seo bunaithe ar na Treoirlínte don Earnáil Phoiblí a dhíríonn ar Chláracha Gníomhaíochta le feidhm a thabhairt do pholasaí an Rialtais.

    Tá anailís déanta ag an bhForas Riaracháin ar fhreagraí ó eagraíochtaí stáit ar scríobhadh chucu ar chur i bhfeidhm an pholasaí i gcúig phríomhréimse: Seirbhís don Phobal; Cleachtais Foirne agus Riaracháin; Acmhainní leis an Dátheangachas a fheabhsú; An Ghaeilge le Feiceáil; Cultúr and Oidhreacht na hÉireann.

    Ina aitheasc dó, dúirt an Cathaoirleach go raibh dul chun cinn áirithe á dhéanamh i ngach ceann de na cúig phríomhréimse sin, ach go raibh an tseirbhís trí Ghaeilge atá á tairiscint ag formhór na n-eagraíochtaí easnamhach.

    Dúirt sé go raibh céatadán na foirne a bhfuil cumas dátheangach acu ag plé leis an bpobal chomh híseal le 2% i gcásanna áirithe, agus nach raibh na Treoirlínte maidir le hearcú agus oiliúint foirne a d'fheabhsódh an tseirbhís seo á gcur i bhfeidhm don chuid is mó.

    Dúirt an Cathaoirleach go gcaithfeadh Rúnaithe Ranna agus Príomhfheidhmeannaigh na nEagras Stáit athscrúdú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist sna Treoirlínte, agus féachaint chuige go nglacfar céimeanna éifeachtacha chun an ghné thábhachtach seo de pholasaí an Rialtais a chur i bhfeidhm.

    Eolas: Méabh Ní Chatháin +353 1 676-3222. (Barr)


    Ról úr ag an Údarás

    Tá ról úr á bheartú ag Údarás na Gaeltachta ar a pholasaí infheistíochta i dtaca leis an tionscal closamhairc, dar leis an bhPríomhfheidhmeannach Ruán Ó Bric. Féach thíos. (Barr)

    An tSíleáil Ghloine

    Tá togra Eorpach dar teideal 'An tSíleáil Ghloine' á reachtáil faoi stiúir Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Tá scrúdú á dhéanamh faoin togra seo -- atá á rith faoi chlár ADAPT an Aontais Eorpaigh -- ar chúrsaí cothromais do mhná agus cúrsaí oibre ban go ginearálta san Údarás féin. Thug páirtnéirí trasnáisiúnta an togra cuairt ar Ardoifig an Údaráis le déanaí chun tuairimí a mhalartú agus dul chun cinn an togra a phlé. Sa ghrianghraf thuas tá: Rachel Ní Riada, Bainisteoir An tSíleáil Ghloine sa tír seo; Máire Ní Loinsigh, Riarthóir an togra; Ursula Dietrich ón nGearmáin, Rafa Casabán ón Spáinn agus Christina Zamore ón tSualainn in éineacht le grúpa ban atá ag obair in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha.

    Tuilleadh eolais: Rachel Ní Riada, +353 91 503-100. (Barr)


    Gaelscoil Bharra i gCabhrach oscailte

    Osclaíodh Gaelscoil Bharra i gCabrach go hoifigiúil roimh an Nollaig. Bríd Óg Ní Bhuachalla a rinne an oscailt. Ar an ócáid chéanna, seoladh 'Bás Bhalor", leabhar scéalaíochta dátheangach le pictiúir ar féidir le páistí iad a mhaisiú. D'aithneodh duine oilte ar bith snáthanna de scéalta éagsúla sa 'Bhalar' seo a réitigh príomhoide na scoile, Seán Ó Donnghaile, do na leanaí agus do leanaí scoile ar ar bith. £2 an costas (postas san áireamh) ó Ghaelscoil Bharra, f./ch. Clubtheach Naomh Fionnbharra, Cabrach, Baile Átha Cliath 7. 26 páiste ar an rolla i seomraí sealadacha ar shuíomh a sholáthair an club dóibh. (Barr)

    Cúrsa Dramaíochta ag Feachtas

    Bhailigh grúpa daoine óga ó chlubanna FEACHTAS le chéile roimh an Nollaig chun freastal ar chúrsa drámaíochta. Ar na Clocha Liath, Co. Chill Mhantáin, a tionóladh an cúrsa. Pádraig Ó Neachtain as Indreabhán, ón chomhlacht drámaíochta Sceitimíní Teo., a bhí ina bhun. Tháinig na daoine óga as Áth Í, Sligeach, Baile Átha Cliath agus Ros Comáin. D'fhoghlaimíodar faoi úsáid an ghutha, iompar coirp, carachtaracht, agus scileanna teicniúla ar nós soilsiú agus léiriú drámaí. Bhí taithí aisteoireachta ag roinnt den ghrúpa i ngrúpaí drámaíochta áitiúla. Táid go léir ag tnúth go mór le drámaí a léiriú ina gclubanna féin. Bígí ag faire amach dóibh ar na hardáin i gceann cúpla bliain.

    Eolas: Cáit Ní Dhurcáin +353 1 878-6424 nó Seán Ó Fearaíl (OCP) +353 1 839-0693 (baile), +353 1 704-3013 (obair). (Barr)


    Ceist Mhór

    Ba é Gearóid Ó Tuathaigh, cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, a sheol Ceist na Teanga sa Daonáireamh, scagadh oilte a rinne Micheál Ó Gliasáin, oifigeach taighde le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann ar na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann don Ghaeilge de bharr na bhfreagraí ar stádas na Gaeilge sa daonáireamh (CTD).

    Sa staidéar seo, déanann Micheál Ó Gliasáin measúnú ar an CTD mar thomhas ar chumas labhartha Gaeilge. Pléitear buanseasmhacht inmheánach na sonraí, an gaol atá acu le sonraí eile faoi chumas labhartha Gaeilge agus cuirtear CTD na hÉireann i gcomórtas le CTDanna a úsáidtear i dtíortha eile.

    Le fáil ón ITÉ, 31 Plás Mhic Liam, Baile Átha Cliath 2. £5. (Barr)


    Féilirí breátha ar fáil

    COMHAIRLE CONTAE FHINE GALL

    Tá féilire breá curtha ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall. Léiriú an pictiúr ar dheis ar úsáid shuntasach an dá theanga.

    Tá cóipeanna ar fáil ón gComhairle, 46/49 Sráid Uí Chonaill Uachtarach, Baile Átha Cliath 1. Guthán: +353 1 872-7777.

    SCOIL LORCÁIN

    Mar is gnáthach, tá féilire gleoite curtha ar fáil ag daltaí Scoil Lorcáin do 1997.

    Tá an féilire ar fáil ar £3 ón scoil nó sa Siopa Ceilteach, 6 Sr. Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. (Barr)


    Comórtas Díospóireachta

    Tá an t-eolas go léir faoi Chomórtas Díospóireachta THE IRISH TIMES / GAEL-LINN 1997 foilsithe. Reachtálfar an comórtas ar bhonn dul ar aghaidh/titim as ag tosú le réamhbhabhtaí sna Coláistí féin le linn Eanáir agus Feabhra.

    Beidh na babhtaí ceannais ar siúl le linn deireadh seachtaine 'Caidreamh Gael-Linn' i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, ar 28 Feabhra go 2 Márta 1997. Ní scaoilfear ar aghaidh go Gaillimh ach sé fhoireann déag. Beidh dhá bhabhta díospóireachta oíche Dé hAoine agus dhá bhabhta eile maidin Dé Sathairn le ceithre fhoireann i ngach babhta.

    Roghnófar foireann amháin as gach babhta le páirt a ghlacadh sa Chraobh oíche Dé Sathairn. Táthar ag súil go mbeidh foirne ón gcuid is mó de na Coláistí tríú leibhéal páirteach sa Chomórtas. Beidh bileog eolais faoi 'Caidreamh Gael-Linn' á scaipeadh sara fada. Íocfar deontas beag taistil leis na foirne a mbeidh orthu taisteal chuig na réamhbhabhtaí agus freisin leo siúd a bheidh ag glacadh páirte sna babhtaí ceannais i nGaillimh. Is é an dáta deiridh iontrála ná 24 Eanáir 1997. Eolas: Fiachra Ó Torna, Gael-Linn, 26 Cearnóg Mhuirfean, B.Á.C. 2. (Barr)


    Comórtas Mhichelle

    Tá an comórtas Beir Bua! faoi lán seoil. Bord na Gaeilge, urraitheoirí Mhichelle Smith, atá á reachtáil. Is fiú £10,000 na duaiseanna agus ina measc, tá turas go Disneyland Pháras, ríomhairí agus rothair eachtraíochta. Tá an comórtas seo dírithe ar bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, agus ar gach leibhéal don Ghaeilge sna hiarbhunscoileanna .i. Bunleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal.

    Tá córas dáiliúcháin náisiúnta curtha i bhfeidhm ag an mBord agus seolfar foirmeacha iarratais chuig gach scoil sa tír. Is cabhair mhór é an comórtas seo do dhaltaí scoile, le feabhas a chur ar scríobh na Gaeilge, agus is mealladh mór iad na duaiseanna iontacha. Táthar ag súil go gcuirfidh a lán scoláirí isteach ar an gcomórtas. Bronnfar na duaiseanna i mí Márta na bliana seo chugainn.

    Sa ghrianghraf thíos, tá Michelle Smith i dteannta Shauna Mahony agus Marcus Mulroy tar éis di an comórtas a sheoladh sa Cheoláras Náisiúnta roimh an Nollaig.

    Tuilleadh Eolais: Méabh Ní Chatháin +353 1 676-3222 nó 1850 325 325 (ar chostas glao áitiúil aon áit sa tír). (Barr)


    An Léitheoir

    Foilsíodh eagrán an gheimhridh de "An Léitheoir" roimh an Nollaig. Catalóg de na leabhair is déanaí amuigh atá sa "Léitheoir" agus scaiptear ar fud na tíre é ar shiopaí leabhar agus orthusan ar spéis leo an léitheoireacht.

    Tugtar cur síos gairid ar na leabhair agus bíonn alt ann faoi ghné éigin den fhoilsitheoireacht. Má tá cóip -- nó eolas -- uait, téigh i dteagmháil leis An Rannóg Cumarsáide, Bord na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, B. Á. C. 2. (Barr)


    Cúrsaí i gCeardlann an Spidéil

    Tá ranganna ealaíne agus ceardaíochta fógartha ag "An Geata", ceardlann an Spidéil do théarma an earraigh. D'oscail "An Geata'', scoil ealaíne agus ceardaíochta, deireadh Mheán Fómhair.

    CÚRSAÍ LAE AGUS OÍCHE

    Beidh cúrsaí maidine agus cúrsaí oíche á gcur ar fáil. Leanfaidh siad ar aghaidh ar feadh deich seachtaine.

    Tosnóidh téarma an earraigh Dé Luain, an 20 Eanáir.

    Beidh péintéireacht, grianghrafadóireacht, potadóireacht, baitic, priontáil 7rl. á mhúineadh.

    RANGANNA DO GHASÚIR

    Beidh ranganna ealaíne le haghaidh gasúr á reachtáil trí mheán na Gaeilge gach Satharn; rang ar maidin agus rang eile sa tráthnóna.

    CÚRSAÍ DEIREADH SEACHTAINE

    Tá réimse leathan cúrsaí deireadh seachtaine le bheith ar siúl mí Feabhra agus mí Márta. Orthu sin, tá:

    Potadóireacht; Dathú gloine; Péintéireacht; Dearadh agus ornáidiú taobh istigh; Caoladóireacht agus Peannaireacht.

    Is féidir clárú san Gheata. Bhí an-éileamh ar na cúrsaí i 1996. Is fearr clárú go luath chun áit a chur in áirithint -- +353 91 553040. (Barr)


    Dul Siar Ar M'Aistear

    Ochán, mo náire ach is mé 'tá cráite
    Ón am a d'fhágas mo dhúthaigh féin
    Agus imeacht gan cairde i bhfad thar sáile
    Gan clann ná comrádaí chun mo chúis do phlé.
    A Dhia na nGrásta, nach mór is álainn
    Na bailte móra i dtíortha i gcéin.
    Ach mo chreach ba bhreá liom
    Bheith i measc mo chairde
    Ag imirt cártaí im' dhúthaigh féin.

    A Mhuire Mháthair, nach greannmhar anocht é
    An tír gan grá mar atáim fé bhrón.
    Níl meas le fáil ann ar bhean na páiste.
    Ach ráib is rásaíocht anso is ansúd.
    Impím gan náire ar Dhia mór láidir
    Mo shláinte a shaothrú ar feadh bliain nó dhó
    Nuair a bheidh mo sheol dá ardú
    Chun imeacht ón áit seo go
    hÉirinn álainn na ngleann fé cheo.

    Padraig Ó Conaill a chum (Barr)


    Dumhaí Bhrú na Bóinne

    Gar do bhaile Shláine na Mí atá an 'Triantán Ceilteach' -- Brú na Bóinne, Dubhadh agus Cnobha. Is minic trácht ar Bhrú na Bóinne go háirithe ach is í láithreán seandálaíochta Chnobha an ceann is sine san Eoraip. Tá sé níos sine ná pirimidí na hÉigipte agus Stonehenge Shasana.

    FIANAISE AR FÁIL

    Ina theannta sin, baineadh feidhm as na dumhaí ann le linn ceithre tréimhse, idir thréimhsí réamhstaire agus thréimhsí staire. Tá fianaise ar fáil go raibh adhmad á úsáid don tógáil ann roimh an Chlochaois féin. Suite ina lár tá dumha mór amháin agus seacht gcinn déag de dhumhaí beaga thart air, ar nós sicíní circe. Tuamaí do na mairbh ba ea iad seo ar dtús ach, ar ball baineadh feidhm as an láithreán do dheabhóidí págánacha agus, níos déanaí, Críostaí.

    Faoin bpríomhdhumha, tá dhá thuama pasáiste cúl le cúl. Idir 3000 agus 2000 roimh Chríost a rinneadh iad seo. Tá fianaise ann fosta go raibh lonnú ann ar feadh na tréimhse sin.

    Ceaptar gur pobal de thalmhaithe dea-eagraithe a bhí ina gcónaí sa cheantar. A leath acu ag saothrú na talún agus an chuid eile i mbun na hoibre tógála.

    AOS EASCRA

    Ó timpeall dhá mhíle bliain roimh Chríost go tuairim is dhá chéad bliain, bhí an tAos Eascra lonnaithe ann. B'iad seo an dream a d'úsáid na heascraí (beakers) as ar aimnigh na seandálaithe iad ar ball. D'fhágadar seo tinteáin, claiseanna nó poill agus go leor déantán breochloiche (flint) ina ndiaidh.

    Mhair an tríú tréimhse i gCnobha ó timpeall an chéad aois de ré na Críostaíochta go dtí an 12ú haois. Chuir na Gaeil go mór leis an láithreán le linn na haimsire fada sin. Thógadar tithe dronuilleogacha agus rinne na huaimheanna talún faoi thalamh idir na dumhaí. Chuirtí bia i bhfolach sna huaimheanna agus d'fhéadfaí dul i bhfolach iontu, go fiú éalú tríothu dá mba ghá.

    SAOTHAR NA mBLIANTA

    Tá saothar na mblianta roimh lucht na tochailte sa lá atá inniu ach cheana féin, tá fianaise shoiléir ar an saghas saothair a rinne ár sinsir ann. Tá doirse tuamaí agus béil uaimheanna oscailte -- iad chomh híseal sin gur gá cromadh chun dul isteach tríothu. Thóg siad foirgnimh ar mhullach an dumha mhóir agus mhair iontu. Talmhaíocht, obair iarainn agus chré-umha a bhí idir lámha acu.

    Chónaigh cuid de ríthe na hÉireann anseo tráth. Luaitear Conghalach Chnobha Mac Mhaoilmhithidh de Shíol Aodha Shláine leis an áit, mar shampla. Sa bhliain 956 a d'éag seisean agus áirítear gurb é an 43ú hArd-Rí é, más fíor go raibh Ard-Ríthe ann ar chor ar bith an uair sin. Tá taisí páistí agus daoine fásta aimsithe ag na seandálaithe. I dtuama amháin tá trí leibhéal d'uaigheanna agus leaca idir na glúnta daoine atá curtha iontu.

    NA NORMANNAIGH

    Chuir na Normannaigh fúthu i gCnobha ó dheireadh an 12ú go tús an 14ú haois. Rinne siad foirgnimh dronuilleogacha ar mhullach Chnobha le clocha agus d'fhág go leor de chré-earraí glónraithe ina ndiaidh. N'fheadar ach gur dá shliocht siúd Louis Ó Maolcatha na Caolóige!

    Ba i 1962 a tosnaíodh ar an tochailt dáiríre faoi scáth Oifig na nOibreacha Poiblí ag an am. Táthar ag súil le leanstan den saothar seo ar feadh caoga bliain eile ar a laghad. Ní féidir leis an bpobal dul isteach sna príomhthuamaí go fóill ach is féidir dul isteach i gceann de na miondumhaí agus seasamh san uaigh thíos faoi. Níl d'aistear faoi thalamh ach thart ar 45 troigh nó ceithre mhéadar déag.

    AR OSCAILT

    Bíonn an láthair ar oscailt gach lá ó Mheitheamh go Meán Fomháir ó 9.30 am go 6.30 pm. Táthar ag súil go mbeidh an tIonad breá nua, Brú na Bóinne, ar oscailt don phobal faoin am sin agus deiseanna ag daoine aon cheann de na láithreáin nó iad uile a fheiscint in aon turas amháin.

    Turas breá lae do scoláirí scoile agus saothar na gcéadta ag ár sinsir agus na mblianta fada ag lucht seandálaíochta le blaiseadh. (Barr)


    Tigh Chairbre an Cheoil

    Gach maidin Domhnaigh, bíonn Tigh Chairbre, ar na dugaí i nDroichead Átha, plódaithe go doras -- ach déanfar spás agus fearrfar fáilte Uí Chairbre romhat mar sin féin. Ceol, amhránaíocht agus corrscéal ar an 'menu' gan aon agó. Tabharfaidh na grianghrafanna spléachadh éigin ar spleodar na maidne. Bíonn oíche speisialta ann an chéad Chéadaoin gach mí agus tús áite tugtha don Ghaeilge ann. Más i nDroichead Átha duit -- isteach leat! (Barr)

    Gradam na Sean-Ghael

    Ceann de na himeachtaí is taitneamhaí gach bliain ná bronnadh gradam ar sheanchomrádaithe ag Coiste na Sean-Ghael in Inis Córthaidh i gCo. Loch Garman. An t-óstán plódaithe leis na hiar-ghaiscígh seo go nglaoitear orthu ina nduine is ina nduine, chun aitheantas cuí dá ndílseacht don Chumann Lúthchleas Gael a ghlacadh. Liam Ó Maoilmhichíl, Ard-Stiúrthóir an Chumainn a bhí i láthair mar aoi agus ba léir gur bhain sé ardtaitneamh as an ócáid. Moladh mór do rúnaí gníomhach Choiste na Sean-Ghael, Tomás Ó Murchú, iar-iománaí contae agus Gael go smior. Ba phribhléid do SAOL bheith i láthair ann. Tá súil againn go ndéanfaidh na contaetha eile aithris ar an nós seo. (Barr)

    Ó Bharr go Barr

    Tá ceann de na dúshláin eachtraíochta is mó dár thug aon Éireannach riamh faoi ag druidim chun deiridh. Mí Eanáir seo chugainn tosóidh Pat Falvey ar thrí mhí a chaitheamh sa leathchruinne dheisceartach ag dreapadh ar an dá mhullach deiridh ar a liosta de na ''seacht mullach".

    Tabharfaidh sé aghaidh ar mhórchríoch an mhoil theas le tabhairt faoin mullach is imigéiniúla agus is fuaire díobh ar fad -- Cruach Vinson san Antartach agus ina dhiaidh sin ar an mullach is airde san Astráil -- Cruach Kosciosko. Beidh sé ar an gcéad Éireannach, agus duine den dornán dreapadóirí a chríochnaigh an mórchúrsa domhanda dreapadóireachta sléibhe seo.

    Ar an mbóthar abhaile dó rachaidh sé ag dreapadóireacht sna foraoiseacha báistí sa Ghuine Nua ar phirimid achrannach aolchloiche Cartensz agus tabharfaidh sé faoi Mount Cook, an cruach atá ar chuma na nIomalaetha, sa Nua-Shéalainn. Ar na geábha deiridh den móraistear seo dó, beidh triúr Ciarraíoch, a bhí ina bpáirtnéirí agus ina gcomhghuallaithe aige go minic cheana, mar chomhbhaill ar a fhoireann. Is iad an triúr ná Con Ó Muircheartaigh ó Bhearna an Choimín atá anois ina chónaí sa ghaeltacht in iarthar Chiarraí, Mike Ó Sé ó Lios an Phúca atá anois ina chónaí sa Daingean, agus Gene Tangney ó Cham Uí Dhuibh.

    Tá clár oideachais i scoileanna Éireannacha agus Astráiléiseacha á fheidhmiú mar chuid d' imeachtaí deiridh na heachtra seo. Tá aitheantas cuí bainte amach aige seo agus tá deontas de £20,000 ón gCrannchur Náisiúnta faofa chuige ag an Aire Spóirt, Bearnard Ó hAilín, TD. Tharraing an réamh-ullmhúchán don turas seo mórán poiblíochta le seachtain anuas.

    Dé hAoine, an 1 Samhain, d'oscail Pat Kenny ó RTÉ a chlár le hagallamh díreach leis na dreapadóirí agus iad istigh i reoiteoir ollmhór i gCorcaigh. Bhí tréimhse de 24 uair an chloig á caitheamh ag na buachaillí ag tástáil trealamh riachtanach i gcomhair an turais i reoiteoir faoi -30 céim ceinteagrádach le Nordic Cold Storage i Mainistir na Corann.

    Ar na heagrais atá tar éis urraíocht a dhéanamh ar an bhfiontar, tá Údarás na Gaeltachta agus Bord na Gaeilge.

    Go n-éirí go geal leo! (Barr)


    CU Burn

    Ceann de na cláracha ab fhearr agus is mó a thaitníonn le lucht féachana TnaG is ea CU Burn. D'údaraigh Teilifís na Gaeilge do Lios na Sí Teo. sraithchlár sé mhír a sholáthar i dtosach báire.

    Mar is eol dúinn go léir anois, tá an tsraith bunaithe ar imeachtaí i saol adhlacóra agus a chomhpháirtí atá tar éis créamatóiriam a thógáil. Bhí suas le 140 duine fostaithe ag an mbuaic léirithe.

    Tá glactha chomh maith sin leis an tsraith go bhfuil beartaithe ag Lios na Sí sraith eile a dhéanamh gan mhoill. Brostaigí oraibh! (Barr)


    Athbhreithniú infheistíochta á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta

    Tá athbhreithniú á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta ar a pholasaí infheistíochta i dtaca leis an tionscal closamhairc mar gheall ar an bhfás atá tagtha ar an tionscal le bunú Theilifís na Gaeilge.

    De réir Ruáin Uí Bhric, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, tá an fhorbairt ar an earnáil léirithe scannán agus teilifíse anois ag an staid go bhfuil forás orgánach faoi agus go bhfuil forás an mhargaidh i réim.

    PRÍOMHCHRANN TACA

    "Nil an gá céanna feasta go mbeadh an Stát mar phríomhchrann taca infheistíochta, ach go nglacfadh sé ról láidir chuige féin chun an infheistíocht a threorú ón earnáil phríobháideach go dtí an áit is fearr a fheileann ionas go mbeidh an infheistíocht sin ag cur le forbairt chomhtháite na hearnála," adeir an tUasal Ó Bric.

    "Tá ceangail ghnó á mbunú anois le tionscail agus teicneolaíochtaí gaolmhara. Ginfidh siad seo fostaíocht bhreise san earnáil, go háirithe sa réimse ilmheáin. Tá méadú suntasach tagtha ar leibhéil léiriúcháin sa Ghaeltacht le tamall anuas. Faoi láthair tá breis agus 20 comhlacht neamhspleách léirithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag fostú os cionn 180 duine.

    TEILIFÍS NA GAEILGE

    Méadóidh teacht Theilifís na Gaeilge inár measc níos mó fós ar líon na bpost lánaimseartha agus páirtaimseartha sa tionscal. I measc na bhforbairtí eile atá curtha i gcrích, tá stiúideo scannán Roger Corman sa Tulach i gConamara agus leathnúchán ar chomhlacht lárnach léiriúcháin agus saoráidí na hearnála, Telegael, ina bhfuil 36 duine fostaithe faoi láthair. "Bhunaigh Údarás na Gaeltachta agus RTÉ Telegael i 1989 agus thug an comhfhiontar seo buille tosaithe éifeachtach don tionscal. Ar a lán bealaí bhí an cur chuige seo ar aon dul i gcoitinne le ról an Údaráis sa mhuir-shaothrú", adeir Ruán Ó Bric.

    CINNIREACHT

    "I dtús báire, ghlacamar ró1 cinnireachta orainn féin -- agus d'iompraíomar na rioscaí -- in áit a bheith ag tacú le tionscnaimh dhreamanna eile, rud atá mar ghnáthchleachtadh againn le hearnálacha gnó atá níos fásta agus níos aibí. Cé gur straitéis tacaíochta atá anois ag an Údarás in áit straitéis fiontraíochta, cloífidh An tÚdarás lena pháirtíocht i gcúrsaí oiliúna agus le soláthar saoráidí breise bonneagair nuair atá éileamh cinnte ar na seirbhísí sin."

    INDÉANTACHT

    "Rinneadh staidéar indéantachta ar riachtanais an tionscail maidir le trealamh agus le saoráidí agus tá moltaí costasaithe ar fáil", adeir sé.

    Tá an tÚdarás ag díriú ar thionscnaimh léirithe agus iarléirithe d'fhonn a chinntiú go mbeidh na saoráidí riachtanacha ar an láthair do chomhlachtaí Gaeltachta ionas gur féidir leo a gcláir a léiriú sa Ghaeltacht.

    SAORÁIDÍ

    I measc na saoráidí atá á mbreithniú, tá saoráidí léirithe agus iarléirithe, ar nós beo-eagarthóireacht, saoráidí eagarthóireachta seachlíne agus ar-líne, grafaic, saoráidí fuaime agus fotheidealaithe.

    "Tá ár bpáirtíocht i gcúrsaí oiliúna ag cur lenár bpáirtíocht i bhforbairt iomlán an phobail. De bhrí go bhfuil daoine á n-oiliúint i scileanna closamhairc, táthar ag cur leis an bhfostaíocht i gcoitinne sa Ghaeltacht tráth a bhfuil an-éileamh ar oibrithe oilte sa limistéar. Tá uasghrádú á dhéanamh ar ár stiúideo oiliúna léirithe sa Spidéal in oiriúint don phróiseas seo."

    DAOINE ÓGA

    Táthar ag díriú ar riachtanais na ndaoine óga, go háirithe. Tá an tÚdarás tar éis clár faisnéise a chur ar fáil do scoileanna ar mhaithe le daoine óga a chur ar an eolas faoi na roghanna atá ann dóibh in earnáil na meán agus an chlosamhairc sa Ghaeltacht.

    "Toisc go bhfuil fáil ar lucht oibre oilte agus ar na saoráidí atá ag teacht leis an ainm in airde seo, treisíonn sé ar tharraingteacht na Gaeltachta agus na tíre i gcoitinne d'infheisteoirí", a deir an tUasal Ó Bric. (Barr)


    Litreacha chuig an Eagarthóir


    Aird Mhór
    Co. Phort Lairge

    A Chara,

    An ag scigmhagadh fúinn a bhí lucht SAOL in eagrán na Nollag agus a fhógairt dúinn ar an gcéad leathanach den pháipéar go bhfuil ag éirí go maith le Teilifís na Gaeilge agus a mhalairt de scéal ar fad á fhógairt ag na páipéir eile, agus ní haon ionadh é.

    De réir mar a chloisim, is beag ceantar ina bhfuil sé ar fáil. Pé'r domhan é, níl sé ar fáil anso. Ní fhaca mise riamh é, dá bhrí sin. Cuireann an aiféal cainte sin atá ar siúl agaibh ar buile mé.

    Mise
    Siobhán Lincoln


    4 Duncan Way
    Hartford
    Huntingdon
    Cambs, PE18 7SZ Sasana

    A Chara,

    Suas go dtí 1993 ní raibh Gaeilge ar bith le cloisint i gCambridge, cé go raibh mórán daoine ann agus go leor Gaeilge acu. Bhí ardoideachas orthu freisin. Is amhlaidh go raibh drogall orthu... agus, b'fhéidir, náire freisin... a admháil go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt. Tá an tréith sin coitianta i measc na nÉireannach sa tír seo. Agus in Éirinn féin, b'fhéidir!

    Chun deis a thabhairt do dhaoine le Gaeilge... iad a bhí in ann agus toilteanach Gaeilge shimplí a labhairt... rinne mé iarracht dream beag a bhunú. Ní raibh mé ag iarraidh rang a bhunú... mar tá go leor acu ar fud na tíre agus gan mórán oibre fiúntach ar siúl acu, i ndeireadh na dála. Bhí mé ag lorg daoine agus Gaeilge acu cheana féin... agus ná bac leis an gcaighdeán. Seo duit anois staid na Gaeilge i gCambridge.

    1) Bíonn "cuideachta" againn gach coicíos: ceathrar nó cúigear, seisear nó ochtar i dteach Mr. agus Mrs. MacGinley (ailtire, Cú Uladh, an Gaelgeoir clúiteach mar sheanathair aige). Bíonn tae, brioscaí, caife agus comhrá cairdiúil ó 7.30pm go 10pm i nGaeilge shimplí líofa ar chúrsaí an lae. Fáilte roimh gach Gaeilgeoir ann. Táimid ag baint úsáid as Gaeilge bheo.

    2) Bíonn na cúrsaí Gaeilge ar siúl anois ag Mr. agus Mrs. Mac G. gach bliain. Ceann amháin roimh an Nollaig agus an ceann eile tar éis Lá 'le Bhríde. Bíonn beagnach 20 duine i láthair ag gach cúrsa de ghnáth. An táille: £20 gach cúrsa. Neart iarrthóirí... a bhformhór as an iasacht. Fiche ceacht i ngach aon chúrsa.

    3) Seolann Bord na Gaeilge beartanna beaga de SAOL chugam go minic. Dáilim amach iad ar chairde atá agam i bPeterborough, Bedford, Milton Keynes, Northampton, Cherry Hinton. Scaipeann siad na cóipeanna i measc Gaeilgeoirí. Sheol mé beart go dtí eaglais St. Milletus, i Londain le haghaidh an Aifrinn Ghaeilge mhíosúil a bhíonn acu ann. Go dtí seo ní raibh fhios ag na daoine sin go raibh nuachtáin as Gaeilge ann. Seo eolas nua dóibh. Dáilim amach An tEolaí agus Mahogany Gaspipe nuair a bhíonn siad sin ar fáil. Feachtas beag, príobhaideach ar siúl agam chun fás agus léamh na Gaeilge a fhorbairt.

    4) Bhí "Lá na Gaeilge" againn i 1994. 500 duine ann i rith an lae; cuairteoirí le Gaeilge chugainn as Camden Town: taispeántas de leabhair Ghaeilge ann ón leabharlann phoiblí (bhí siad i bhfolach i stóras le blianta roimhe sin); tuarascáil i dtaobh na hócáide san "Cambridge Evening News"); clár fada go leor againn ar BBC Radio Cambridge.

    5) Anois tá gréasán (network) Gaeilge againn! Más mian leat, is féidir Gaeilge a labhairt ar an nguthán le Gaeilgeoir eile atá ina chónaí sa limistéar seo gach lá. Ciorcal cairde atá againn anois, nach raibh ann roimhe seo. Gaeilge ar fad againn. Is mór an áis an gréasán seo chun Gaeilge na ndeoraithe a choinneáil beo.

    6) Chrom cuid dár lucht aitheantais ar dhul go dtí an Ghaeltacht le déanaí... agus don chéad uair riamh. Thugamar cuairt ar Aonach Leabhar éigin le chéile (Gaeilge againn i gcónaí). Nuair a bhí sagairt againn bhí Aifreann as Gaeilge againn: 1994 thugamar cuairteanna ar choirmeacha ceoil le chéile freisin.

    7) Cé go raibh mórán Gaeilge san "The Irish World" uair amháin, ní bhíonn Gaeilge ar bith anois ann. Bainisteoir nua, is dóigh liom. Táimid á ngríosadh anois abairt as Gaeilge a chlóbhualadh isteach ann i gcomhair gach lae. "A Phrase a Day" an teideal a thug Scéala Éireann (Irish Press) ar an tseift seo na blianta ó shin. Bheadh sé áisiúil don deoraí ar bheagán Gaeilge, agus don fhoghlaimeoir freisin. Bheadh abairt ann do gach lá. Níl le deanamh ag "The Irish World" ach abairt amháin a chlóbhualadh as an mBuntús Cainte gach seachtain. Ní bheadh sé costasach, ach an oiread.

    8) Déanaim iarracht a áiteamh ar na hÉireannaigh nach bhfuil na Sasanaigh in aghaidh na Gaeilge. I suirbhé a bhí ag cuid againn chun an ceist sin a léiriú agus a réiteach i Lancashire i 1974, bhí 95% de na Sasanaigh ar thaobh na Gaeilge. Bhí siad i bhfábhar gach mionteanga, dar leo. Caitheann an U.K. £72m gach bliain ar Ghaeilge na hAlban agus ar an mBreathnais.

    Sin díreach staid na Gaeilge anseo. Táimid ag fás go rí-mhall. Gach uair a chasaimid le chéile ní bhíonn focal Béarla ann. Mar a dúirt Éamonn Ó Ciardha go minic: "Is fearr Gaeilge bhriste ná Gaeilge chliste". Ach beidh ár nGaeilge cliste go leor lá éigin.

    Táimid ag tabhairt ceannasaíocht do na hÉireannaigh fhaiteacha. Cén fáth nár tharla an beart seo anseo i gCambridge... agus ina lán áiteanna eile.. na blianta fada ó shin? Ba chóir go mbeadh sé ag titim amach i ngach áit eile in Éirinn... más mian linn an Ghaeilge a shlánú.

    Chomh maith le Mr. agus Mrs. MacGinley, bhí lámh mhór san obair seo ag Éamonn Ó Ciardha, Seán Herbert agus Cathair O'Kane.

    Is mise,
    Cathal Ó Beirn (Barr)


    Turas go Mars

    Chuaigh mé ar turas go Mars aréir,
    Chonaic mé cat ag ithe an fhéir,
    Chonaic mé muc ag snámh ar an uisce,
    Chonaic mé asal ag ól braoinín fuisce.
    Chonaic mé capaill ag léimt thar a chorp,
    Chuaigh sé tóin thar cheann,
    Chuala mé bó ag tógáil folctha
    Is ag canadh go hard san abhainn.
    Bhí éiníní ann ag cniotáil bristí,
    Bhí caoire ann ag bácáil cístí.
    Istigh insan bpáirc ghlas a bhí an gabhar
    Ag caint go cairdiúil le tarbh ramhar.
    Bhí lachain, sicíní, cearca is coiligh,
    I gcruinniú istigh sa chró,
    Is bhí madra cliste ag cleachtadh an mhata
    Ag déanamh suimiú, a haon is a dó.
    Tharla sé sin ar Mars aréir,
    Plainéad i bhfad uainn, thuas insan spéir.
    Diarmuid Ó Coileáin
    (féach Spotsolas, lch. 18) (Barr)

    Raidhse le Rónán

    An Nollaig i nGaoth Dobhair

    Shílfeá gur i nDowntown, Manhattan, a bhí tú i nGaoth Dobhair an Nollaig seo, leis an oiread hacnaithe a bhí le feiceáil i scuainí taobh amuigh de thithe leanna agus óstáin na paróiste. Tá Gaoth Dobhair mar a bheadh cathair faoin tuath ann anois leis an oiread de chlubanna oíche, tithe leanna, agus seirbhísí atá ar fáil inti.

    Nuair a bhí mé féin ag tarraingt ar an bhaile cúpla bliain ó shin, chaithfeá siúl na bhaile i ndiaidh oíche mhór scléipe ach anois, níl feitheamh ort ach do thóin a chorradh rud beag agus tá tú i do shuí i gcarr mór compordach a fhágfaidh ag doras an tí tú. Agus nach muid a bhí sásta an Nollaig seo leis an oiread daoine a bhí thart do scoil geimhridh Frankie Kennedy agus gnáthchuairteoirí na Nollag.

    CÉAD DUINE

    D'fhreastail breis is céad duine ar na ranganna ceoil a bhí ar siúl i nDún Lúiche le linn na scoile, agus chuaigh na sluaite chuig na coirmeacha ceoil le leithéidí Seán Smyth, Martin Hayes, Luka Bloom, Cooney agus Begley agus, dar ndóigh, Altan féin. Bhí mé féin ar mo sháimhín só agus níor éirigh liom mo bhealach a dhéanamh chuig Ionad Cois Locha ach níor chuala mé a dhath ach dea-thuairiscí faoi dtaobh dóibh.

    Chuaigh mé chuig na seisiúin a bhí ar siúl in Óstán Ghaoth Dobhair níos moille na hoicheanta sin ceart go leor agus is iad a bhí go maith. Bhí sé cosúil le who's who saol an cheoil ghaelaigh, le Paul Brady, Luka Bloom agus sluaite eile an cheoil ag cuimilt guailneacha le gnáth-Pháidíní cosúil linn féin.

    Tá an scoil ag dul i neart i gcónaí, agus bheadh go leor féilte eile in éad mar gheall ar na réalta móra atá sásta teacht i láthair chun a bheith páirteach sa chraic agus sa cheol. Ach is ócáid ar leith i gcuimhne ar cheoltóir den scoth a raibh meas ollmhór air i measc a lucht leanúna agus a chomh-cheoltóirí í seo.

    Fágann sin go dtagann daoine ann nach mbacfadh le féile ar bith eile. Is againn a bhí an chraic, agus níl áit ar bith ar domhan, déarfainn, níos deise le bheith ann faoin am sin bliana. Cuir do leabaidh in áirithe don bhliain seo chugainn.

    INIS FAILL

    D'imigh sin agus tháinig seo. D'imigh na Pogues agus na Goats agus tháinig Inis Faill. D'athraigh an grúpa seo cuid mhór ón uair dheireanach a chonaic mé iad ag buaileadh ag Féile Thoraigh dhá bhliain ó shin. Doirne san aer agus up the 'ra an rosc catha a bhí ag cuid gasúraí Rann an Feirste an uair sin, ach d'imigh sin. Ré uair síochána agus ré úr ceoil atá anois ann d'Inis Faill agus b'iad a bhí breá meidhreach i radharc na mara ar an Bhun Beag ar an 30ú lá den mhí seo chuaigh thart. Canann siad i nGaeilge agus i mBéarla, agus is stíl rac Ceilteach na bPogues atá acu go cinnte.

    Tá difear mór ann, mar sin féin. Leis na Pogues, bhí aird an lucht féachana ar dhuine amháin, Shane McGowan, mar go raibh sé ar shiúl sa chloigeann. Ach tá cuid gasúraí Rann na Feirste uilig ar shiúl sa chloigeann, beathaithe ag an sean-mheascán gaelach de cheol agus aer glan neamh-thruaillithe. Léimeann siad thart ar an ardán mar a bheadh fir mire a shlog slam beacán draíochta sular fhág siad an teach.

    Tá Jimi Hendrix ar an bhosca ceoil, nó shílfeá go bhfuil an dóigh a bhfuil sé á tharraingt go fíochmhar. Tá Dónal Mac Ruairí ina amhránaí cumasach agus tá sé iontach compordach ar an stáitse. Tá aird ar leith ag na mná óga ar an seachtar fear atá in Inis Faill, agus cé nach bhfuil siad chomh slachtmhar le Boyzone, bogann siad croíthe na mban óg in Radharc na Mara. Tá talann ag na gasúraí seo go cinnte agus tá rudaí móra i ndán dóibh má dhéanann siad tréanchleachtadh agus má fhanann siad le chéile.

    AGALLAMH

    In agallamh ag an tsruthán i dteach na gcearc i ndiaidh an ghig, thug baill an ghrúpa le fios go mbeidh siad ag taifeadadh singil sa tsamhradh, ag dul go Sasana do Lá Fhéile Pádraig agus ag seinm sa bhaile aimsir na Cásca. S'iad Dónal Mac Ruairí, Dónal Ó Dúgáin, Seosamh Mac Grianna, Bearnard Ó Duibheannaigh, Conal Ó Dónaill, Aodh Mac Ruairí agus Aodh Mac Garbheith baill an ghrúpa.

    San áit ar chuir na scríbhneoirí agus na sean-chaithe Rann na Feirste ar an mhapa sna seanlaethanta, tá C.U. Burn agus Inis Faill ag dul á dhéanamh don ghlúin úr.

    CIORCAL CRAICEÁILTE UPDATE

    Beidh Féile Chraiceáilte ar siúl i mbliana má thagaimid ar urraithe sásúla. Ba mhaith liom go ndéanfadh daoine a bhfuil baint acu le cumainn ghaelacha sna hollscoileanna nó grúpaí eile a mbeadh suim acu teacht chuig an fhéile teagmháil liom.

    Ba mhaith liom a fháil amach cad iad na dátaí a bheadh fóirsteanach do mhic léinn faoin am seo bliana agus barúil a fháil den mhéid daoine a thiocfadh. Is féidir teagmháil liom ag Raidió na Gaeltachta, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill. Bígí craiceáilte! Guthán: +353 75 31244. (Barr)


    Comórtás Gailf na Gaeltachta

    Tionóladh Comórtas Náisiúnta Gailf na Gaeltachta i nGaoth Dobhair roimh an Nollaig. Ba mhór an cuidiú agus an t-ádh a bhí ar an choiste eagrúcháin agus na rannpháirtithe an aimsir chineálta a bhí ann le linn an chomórtais. Bhí lúcháir faoi leith ar an choiste eagrúcháin mar gur éirigh leo comórtas an-sásúil a eagrú do mhná na Gaeltachta.

    Bhí Comórtas na mBan ar siúl ar dtús agus is fada an lá ó chonacthas slua chomh mór sin de mhná ar ghalfchúrsa Mhachaire Gathláin. Ghlac fiche foireann ban san iomlán páirt le triúr ar achan fhoireann. Tháinig bunús na foirne as na clubanna áitiúla Gaeltachta agus thug siad tacaíocht thréan do labhairt na Gaeilge, ceann de phríomhaidhmeanna an choiste.

    Bhí iomaíocht láidir ann do na duaiseanna agus i ndeireadh na dála ba ag foireann láidir as an Phort Nua a bhí an bua, le scór 88 pointe. Dún Fionnchaidh a bhí san dara háit le 84 pointe, Baile Chonaill, An Fál Carrach, san 3ú háit ar 78 pointe agus ceann as Gaoth Dobhair san 4ú háit ar 74 pointe.

    Imríodh Comórtas na bhFear Dé Sathairn agus thug os cionn ceithre scór imreoirí faoin chúrsa naoi bpoll i Machaire Gathláin. Leis an lá a bheith ag éirí gairid fán am seo don bhliain bhí ar an chéad fhoireann a n-aghaidh a thabhairt ar an 'tee' le bánú an lae ag a hocht a chlog. Mar an gcéanna leis na mná.

    Thug na clubanna áitiúla Gaeltachta tacaíocht láidir don choiste eagrúcháin agus b'iontach an spiorad cairdiúil agus dea-mhéine a bhí ann don chomórtas. Leis an aimsir mhaith, bhí scóráil an-ard ar fad agus d'éirigh le foireann as Oileán na Cruite an chéad áit a fháil le 93 pointe, bhí foireann as an bPort Nua san dara háit ar 92 pointe agus foirne ón chlub baile Gaoth Dobhair san 3ú háit agus san 4ú háit ar 90, 91.

    Ach níor chríochnaigh an lá ansin, mar go raibh seisiún ceoil go maidin ar siúl san chlubtheach i Machaire Gathláin faoi stiúir teaghlaigh de chuid an cheantair, Clann Joe Jack Ó Curráin agus a gcairde, dar ndóigh. Bhí ócáid bhronnta na nduaiseanna mar chuid lárnach don oíche seo go maith. Tá buíochas mór ag gabháil d'achan duine beag nó mór a chuidigh leis an chomórtas seo agus go háirithe d'Údarás na Gaeltachta as an tacaíocht agus an urraíocht fhiúntach a chur siad ar fáil don choiste eagrúcháin.

    Má bhí duais le dul chuig 'laoch an lae' ba chinnte go rachadh sé chuig Tomás Ó Sé ón Daingean i gCo. Chiarraí a thiomáin an bealach go léir go Gaoth Dobhair le páirt a ghlacadh agus tacaíocht a thabhairt don chomórtas. Is spiorad den chineál seo a nascann bunús na Gaeltachta agus a spreagann muintearas agus cairdeas le muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge ó gach cearn na tíre. (Barr)


    Saibhreas Seanchais

    Ábhar a bailíodh ó bhansheanchaí as Rann na Feirste i dtríochaidí na haoise seo atá sa leabhar seo. Ba í sin Anna Nic Grianna 1893-1964, a raibh aithne ag cách uirthi mar Annie Bhán.

    Ball de chlann cháiliúil scéalaithe í -- scríbhneoirí a bhí i mbeirt dá deartháireacha Séamas agus Seosamh agus ba sheanchaí clúiteach deartháir eile, Seán Bán -- agus léiríonn an cnuasach seo nach raibh sí chun deiridh ar éinne acu sa cheird sin.

    Bailitheoirí de chuid Choimisiún Béaloideasa Éireann a rinne an cnuasach, Aodh Ó Duibheannaigh (Hiúdaí Phadaí Hiúdaí) agus Aodh Ó Domhnaill (Hiúdaí Mhicí Hiúdaí) agus fear eagair an ábhair, Gordon Mac Gill Fhinnein.

    Tháinig Gordon Mac Gill Fhinnein go dtí Tír Chonaill ag tús na gcaogaidí agus é ina scoláire óg ó Albain. Chaith sé na blianta i mBaile Átha Cliath ag múineadh san Ollscoil agus ina dhiaidh sin chuaigh sé mar an chéad Ollamh le Ceiltis in Ollscoil Ottawa, Ceanada.

    Bhí sé ina bhunaitheoir agus ina ardmháistir ar Choláiste Anagaire agus choinníodh sé riamh ceangal dlúth le Gaeilge agus le gaeilgeoirí an cheantair. Fuair sé bás anabaidh in Ottawa sa bhliain 1992 nuair a bhí an saothar seo idir lámha aige agus tá an leabhar seo á chur amach mar chomóradh air siúd agus i gcuimhne ar Annie agus ar sheanchaithe Rann na Feirste.

    Tá an bailiúchán an-saibhir i gcúrsaí teanga agus i gcúrsaí béaloidis. I seanchas Annie Bhán faighimid radharc iontach ar shaol agus ar mheon mhuintir na hÉireann mar a bhí siad go dtí le fíordhéanaí agus féadaimid beagnach gach gné den saol sin a fheiceaíl trí shúile duine a bhí tuisceanach géarchúiseach, agus go minic greannmhar.

    Beidh an leabhar ar fáil an mhí seo. Ma tá eolas uait, glaoigh ar:

    Alan Harrison, Roinn na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath 4 (+353 1 706-8140, +353 1 706-8385, +353 1 289-5509). (Barr)


    Maireann an Dúchas

    Suas le fiche guth óg a bhí le cloisint le linn an chomórtais amhránaíochta ar an sean-nós le linn Féile na Mí i Ráth Cairn. Idir bhuachaillí agus chailíní agus an tseanstíl ar a dtoil acu.

    Bhain Nollaig Ní Laoire Corn Mhaggie Tim Seoighe le Caitríona Báille ar a sála ceolmhara san tarna háit.

    Ag freastal ar Scoil Náisiúnta Ráth Cairn an bheirt agus moladh mór le tabhairt dá múinteoir, Mairéad Ní Cheallaigh. Ba é Antaine Ó Fáracháin a rinne an mholtóireacht. (Barr)


    Oidhreacht Chorca Dhuibhne

    Tá cúrsaí Gaeilge agus oidhreachta á n-eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne don mbliain atá romhainn. Is i gceantar Bhaile an Fhirtéaraigh a eagrófar na cúrsaí agus beidh staidéar seandálaíochta i gceist sa dúthaigh. Faisnéis le fáil ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fhirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí -- guthán: +353 66 56100. (Barr)

    An Chrannóg

    Tá sraith cúrsaí eagraithe ag an gCrannóg sna Doirí Beaga don samhradh seo chugainn agus tá idir bhunleibhéal, mheánleibhéal agus ardleibhéal i gceist. Beidh lóistín ar fáil sa cheantar áitiúil i gcomhair na gcúrsaí agus tá teacht ar an eolas go léir ó An Chrannóg, Sraith na Corcra, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill. Guthán: +353 75 32188. (Barr)

    Trí Chúrsa Comhrá Gaeilge

    Coiste Gairmoideachais Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin

    (a) Coláiste Pobail Dhún Laoghaire. Ag tosnú Dé Luain, 20 Eanáir, 7pm-9pm.

    (b) Ionad Fostaíochta Bhaile Uí Lochnáin (taobh leis an mBaile Breac), 56A Cúirt Ennel. Ag tosnú Dé Máirt, 21 Eanáir, 10am-12ml.

    (c) Pobalscoil an Linbh Naofa, Sráid an Phiarsaigh, Saile an Chnocáin (An Naigín) Dé Céadaoin, 22 Eanáir, 10am-12ml.

    Gach eolas: Máire Uí Mhóráin +353 1 288-7529. (Barr)


    Gairm don Oideachas

    Deirdre Uí Ghrádaigh, An Comhchoiste Réamhscolaíochta, faoi agallamh ag, Colm Ó Torna

    Ainneoin nach ann dóibh ar mhaithe leis an ngaelscolaíocht a chur chun cinn, is minic go mbunaítear a leithéid i bpobail nó i gceantair ina bhfuil naíonra cheana féin fréamhaithe. Ní gan dua agus gan tacaíocht oilte ón gComhchoiste Réamhscolaíochta a bhunaitear naíonraí.

    Eagras a fheidhmíonn as ceannáras Bhord na Gaeilge agus i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta an Comhchoiste agus dlúthbhaint aige le naíonraí ar fud na tíre uile. 275 naíonra a fhaigheann tacaíocht ón gComhchoiste faoi láthair agus iad scaipthe ar fud na hÉireann. Tá comhairleoirí ag feidhmiú ar bhonn ceantair agus iad i dteagmháil go rialta le stiúrthóirí na naíonraí.

    CÚRSAÍ RIALTA

    Eagraítear cúrsaí rialta do stiúrthóirí nó daoine go mba mhian leo naíonraí a bhunú. Tá saothar leathan idir lámha ag Máire Uí Ainnín agus Gearóidín Ní Chearra san oifig agus baint acu le réimse leathan coistí agus grúpaí ar nós 'Combat Poverty' 'Focus on Children' agus na grúpaí uile atá bainteach le forbairt na réamhscolaíochta do leanaí in Éirinn.

    CATHAOIRLEACH

    Anois tá Deirdre Uí Ghrádaigh ceaptha ina cathaoirleach ar an gComhchoiste agus dúshlán nua do bhean atá sáite i gcúrsaí oideachais le fada an lá é seo. Is féidir a rá gan aon agó gur bhris an dúchas amach inti mar go mba athair di, Donncha Ó Laoire, ar dheis Dé go raibh sé. Ina múinteoir i Loch Garman agus i gCorcaigh sular ghlac sí an post mar rúnaí ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i 1946. Fiche éigin bliain a chaith Deirdre go dílis sa phost sin.

    Tógadh Deirdre i mBaile Dhúill agus chuaigh ar Scoil Mhuire i Sráid Maoilbhríde agus Scoil Chaitríona a bhí, an uair sin, i Sráid Eccles. Ina cailín óg di, ghlac sí páirt i ndrámaí agus i gcláracha raidió -- bhí Breandán Ó hEithir i gcomhar leí i roinnt acu seo.

    Bhain Deirdre ardtaitneamh agus tairbhe as a seal i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath gur bhain céim BA agus, ar ball, H.Dip amach. Bhí saol na Gaeilge beo beathach ar fad i mBaile Átha Cliath ag an am gan trácht ar Chumann na Gaeilge agus an Comhchaidreamh san ollscoil, drámaí, céilithe, cairdeas agus an saol iomlán á bhlaiseadh aici tríd an teanga. Bhí sí ag scríobh don Irish Press agus Seosamh Ó Duibhginn, ar dheis Dé go raibh sé, ina eagarthóir, agus d'INNIU.

    COLÁISTE FROEBEL

    Ainneoin nár roghnaigh sí an mhúinteoireacht go coinsiasach, thosnaigh ag cur spéise i dtreoraíocht an oideachais do pháistí. Chaith seal sular cháiligh sí i gColáiste Froebel ag teagasc i mbunscoil an Droichid Órdha. Cuid mhaith de na daltaí óga bríomhaire as Cearnóg Uí Eochaidh, áit a bhféadfaí árasán a fháil ar scilling sa tseachtain. Síleann sé go ndeachaidh na páistí seo go mór i bhfeidhm uirthi agus gur mhúscail suim speisialta san oideachas mar bhean freastail ar shaol agus ar fhás an linbh agus seo chun tairbhe i bhfad níos leithne ná foghlaim acadúil.

    I gColáiste Froebel chuaigh fealsúnacht oideachais Friedrich August Froebel i bhfeidhm uirthi, tionchar a d'fhan léi agus a spreagann í go dtí an lá inniú féin. Chuaigh ar ais go dtí scoil inar chaith sí seal cheana féin -- Bunscoil Mhuire Ghrásta Dé agus chaith trí bliana ann gur phós sí Seán Ó Grádaigh agus d'éirigh as an múinteoireacht chun clann a thógáil.

    CINNEADH

    Cinneadh ab ea é sin mar nach raibh sé riachtanach go n-éireodh sí as ar phósadh di. Dar léi go mba chúram iomlán di freastal ar na riachtanais uile a bhain le teaghlach. Ní dóigh léi go n-aithnítear go fóill ról na máthar mar ba chóir. "Bainisteoirí, rúnaithe, eagraithe, stiúrthóirí, oilteoirí, cuntasóirí na mná seo, dar liom, bídis ag obair lasmuigh den bhaile nó ná bíodh."

    Bíodh sin mar atá, mealladh ar ais ag obair go páirtaimseartha í i gColáiste Froebel. "Lean an t-oideachas mé", a deir sí le miongháire. Tionchar aici ansin ar ábhair oidí agus tuiscint don leanbhlárnachas, mar a thuig Froebel é, á préamhú iontu. Na hollbhuanna atá cheana féin i seilbh an linbh á mealladh ach an fhéiniúlacht á cothú ag an am céanna. Féinmheas a aimsítear dá bharr.

    Níl tuiscint shoiléir ná ceart in Éirinn don ról lárnach a d'fhéadfadh a bheith ag an nGaeilge sa phróiseas forbartha pearsantachta seo, dar léi.

    MEAS AR AN nGAEILGE

    Mar sin féin, níl amhras uirthi go bhfuil an meas ar an nGaeilge ag fás i measc an aosa óig sa lá atá inniu ann agus is léir di go bhfuil deiseanna anois ann chun an t-oideachas Gaelach a fhorbairt go mór.

    Chaith sí na blianta deireanacha dá saothar i bhFroebel i mbun cúraim oideachais sa Choláiste agus is léir di go raibh tionchar na Gaeilge go mór chun tairbhe na ndaltaí mar dhaoine agus mar mhúinteoirí.

    Ní cheileann sí an t-ard-mheas atá aici orthu siúd uile a shaothraigh i mbun forbartha an Chomhchoiste Réamhscolaíochta -- idir lucht stiúrtha foirne agus na "saighdiúirí ar an talamh". Tá na cúrsaí oiliúna a reachtáiltear go rialta "thar a bheith tábhachtach" do na stiúrthóirí naíonra a fhreastalaíonn orthu.

    GNÉ SHUNTASACH

    Gné shuntasach dhifriúil den oiliúint seo is ea go gcaitear na teoiricí agus an phraiticiúlacht a bhaineann le sealbhú an tarna teanga ag páistí beaga a thuiscint. Ní cur chuige an play-group nó na gcúpla focal atá i gceist ach máistreacht ar an tarna teanga á haimsiú ag na páistí. Seo bainte amach i ngan fhios dóibh nach mór agus ar na bealaí is taitneamhaí agus is tairbhiúla dóibh.

    "Tá an corp slán", a deir sí, "ag tagairt don Chomhchoiste féin ach caithfimid aghaidh a thabhairt ar an todhchaí i gcónaí. Tá reachtaíocht nua ann maidir le cúram leanaí agus gach seans go dtabharfaidh seo breis deiseanna chun an réamhscolaíocht a fhréamhú agus a fhorbairt.

    TUILLEADH FOIRNE

    Beidh tuilleadh foirne agus tuilleadh airgid de dhíth. Tá meas thar cuimse ag Deirdre ar Mháire Uí Ainnín, bean a shaothraíonn na hidéalacha uile atá ag lucht an Chomhchoiste gan staonadh agus seo go hiomlán oilte agus go coinsiasach.

    RÓD LEATHAN

    Tá ród leathan roimh an gComhchoiste agus go leor bacanna le sárú ach tá an cathaoirleach "lán de dhóchas". Go n-éirí leo!

    [Tá teacht ar an gComhchoiste Réamhscolaíochta ag 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2. Guthán: +353 1 676-3222.] (Barr)


    Leathanach na bhFoghlaimeoirí

    Cad faoi shaoire i bPáras na Fraince?

    Is minic sinn ag beartú (planning) ár laethanta saoire samhraidh i dtús na bliana. Is deas an rud é a bheith ag smaoineamh (thinking) ar laethanta geala an tsamhraidh agus ar choicíos (fortnight) nó níos mó ar saoire. Is minic anois daoine ag taisteal (travelling) thar lear (abroad) ar saoire. An mbeidh tusa ina measc (amongst them)? Ní chun saoire cois trá (by the seaside) nó i gceann de na hionaid (centres) cháiliúla (famous) saoire faoin ngrian cois farraige atáimid anseo. Páras na Fraince -- seoid (jewel) de chathair -- atá i gceist againn. An raibh tú riamh ann? Is deacair Páras a shárú (surpass) mar ionad saoire. Ní fhéadfá an deichiú cuid féin (the tenth part itself) di a bhlaiseadh (taste/experience) dá mbeifeá (if you were) ann ar feadh sé mhí. Is féidir deireadh seachtaine (weekend) a chaitheamh i bPáras aon am (anytime) sa bhliain.

    Cosnaíonn (costs) a leithéid (such) thart faoi £200 don eitleán, leaba na hoíche (bed for the night) don Aoine agus Satharn agus mionbhricfeasta (small breakfast) in óstán maith. Siúl thart (walk about) anseo ar dtús agus buail isteach (drop in) sna háisíneachtaí turasóireachta (travel agents). Tá neart (plenty) bróisiúr (brochures) le fáil. Bain taitneamh (enjoy) as bheith á léamh agus á scagadh (going through them).

    Ansin (then) déan cinneadh dearfach (positive decision) agus d'fhéadfá (you could be) a bheith ag siúl shráideanna (walking the streets) Pháras, ag taisteal ar an Métro (underground) ag ligint do scíthe (taking it easy) ar abhainn álainn na Seine i mbád mór, ag ithe a là francais nó, fiú amháin (even) ag ól buidéil de vin rouge ou blanc lasmuigh de chaifé deas. Feicfidh tú roinnt de (some of) na foirgnimh (buildings) is áilne -- agus is cáiliúla (famous) ar domhan ar nós eaglaisí Notre Dame, nó Sacre Coeur, iarsmalanna ar nós an Louvre agus feicfidh tú (you will see) an Mona Lisa nó La Giocanda de chuid Leonardo da Vinci ann. D'fhéadfá do dheireadh seachtaine go léir (all of it) a chaitheamh anseo. Ach tá na gairdíní galánta i Luxembourg (magnificent gardens) fós le siúl agat, gan trácht (not to mention) ar na margaí (markets). Gach sórt (all kinds) le ceannach sna Marchés aux Puces ('Margaí na nDreancaidí', Flea Markets). Seans go ndreapfá (you might climb) Túr Eiffel, a sheasann 984 troigh san aer!

    Fós níl tú ach ina thús (you're only starting). Tá leabhar álainn aoibhinn agus fós (yet) praiticiúil (practical) le ceannach (to be bought) ar £17 agus is fiú (worth) gach pingin é. Sin 'Paris' agus is iad 'Everyman Guides' a d'fhoilsigh é. Gach eolas, léarscáileanna (maps) pictiúir dhaite, nótaí faoi chaiféanna, bialanna srl móide eolas faoi bhusanna, traenacha, an 'métro', báid, bealaí siúil (walking routes) srl ina theannta (as well). Tá uimhreacha gutháin, seoltaí (addresses) ospidéal, dochtúirí, ambasáidí, siopaí, ionaid spóirt. An méid sin thuas mar aperitif.

    SEISIÚN 1: BAIN TRIAIL AS -- HAVE A GO!

    a. Scrúdaigh na focail nach bhfuil ar eolas agat ar dtús.

    b. Anois scríobh amach an píosa gan na mínithe Béarla agus léigh.

    c. Bí cinnte go dtuigeann tú gach focal agus an bhrí iomlán.

    SEISIÚN 2: NÍ NEART GO CUR LE CHÉILE -- MANY VOICES MAKE PLENTIFUL THE TALK!

    a. Cá raibh tú ar do laethanta saoire? Ar bhain tú taitneamh astu?

    b. An dtéann tú thar lear ar saoire? Cén áit nó cé na háiteanna?

    c. Inis dúinn faoin saoire is fearr a chaith tú riamh thar lear nó in Éirinn.

    SEISIÚN 3: CÁ bhFUIL DO PHEANN? -- START WRITING!

    a. Déan cur síos gairid ar Pháras na Fraince. An raibh tú riamh ann? Cad a thaitin leat faoi? An raibh tú riamh sa Róimh, Londain, Sevilla, Barcelona nó i gcathair dá leithéid? Déan cur síos ar do thuras.

    b. An mbeidh tú ag dul ar saoire i mbliana? Cá mbeidh tú ag dul? Cad lena bhfuil tú ag súil ann? An dtiocfaidh tú ar ais go deo?

    c. An mbíonn laethanta saoire na ndaltaí scoile ró-fhada ar fad? Nárbh fhearr go mbeadh saoire níos faide sa gheimhreadh agus ceann níos giorra sa tsamhradh? Do thuairimíŠ.

    Anois léigh an t-alt arís. Ar tháinig feabhas ort? Ar aghaidh leat! (Barr)


    An Captaen Cróga

    Agallamh Spóirt na Míosa: Mary Logue -- Réalt Hacaí

    I gCorcaigh a rugadh agus a tógadh Mary Logue. Ní raibh an spórt mar chúlra láidir sa teaghlach ach gur imir a hathair Tom le Fánaithe an Ghleanna agus go raibh cáil i saol an tsacair ar athair a máthar, Jack Baylor. Ach is le spórt -- le camán, raicéad agus caid, le himirt, le dreapadh agus le haclaíocht a chaith Máire óg a dúthracht.

    D'imigh ar Scoil Naomh Pádraig na gCailíní agus ar ball ar Mheánscoil Naomh Aingeal ar Chnoc cáiliúil Phádraig. Sa chéad bhliain ar an mbunscoil di, thosnaigh sí ag imirt hacaí agus cispheile gur chruthaigh go maith ag an dá cheann. Ach de réir a chéile thug a dílseacht ina hiomláine don hacaí.

    Thosnaigh ag imirt sna sraitheanna contae le Sean-Ursalaigh Dhroichead na Bandan, "an dara foireann is fearr sa Mhumhain", a deir sí le meangadh. Bhain ard-taitneamh as imirt sna sraitheanna scoile sa Mhumhain agus ar bhonn uile-Éireann. I 1986 roghnaíodh í d'fhoireann scoileanna na hÉireann agus thaistil go hAberystwyth. Bhí an síol ag bláthú agus mar bharr ar gach maitheas, bhain Éire an comórtas seo.

    Bhain Máire áit amach di féin ar fhoirne na Mumhan agus na hÉireann faoi 21 an bhliain chéanna. Ag imirt di le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, chaith sí roinnt de na blianta ba thaitneamhaí dá saol ag imirt hacaí agus ag baint sult as saol na hOllscoile. Bhuaigh Coláiste na hOllscoile Corn Sile (Chilean) i 1989 agus Máire mar chaptaen. Bhain sí céim i mBéarla agus sa Stair agus ar ball rinne cúrsa in Ollscoil Luimnigh ar Staidéar na mBan agus i Maigh Nuad ar Obair Phobail.

    Na blianta sin thuill sí a beatha mar thraenálaí do scoileanna ina n-imrítear an hacaí.

    I mBaile Átha Cliath di, rinne sí roinnt oibre ar scéim feabhais do mhná in Eastát Naomh Micheál in Inse Chór agus músclaíodh a suim go mór in obair dá leithéid. Ag múineadh scileanna léamh agus litriú a bhí sí gur imigh sí chun oibre le FORÓIGE i mBaile Bhlainséir, tá dornán de mhíonna ó shin. Dúil mhór aici san obair seo ina ndírítear ar na fadhbanna a bhaineann le daoine óga atá i sáinn gan mórán deiseanna tar éis dóibh an scoil a fhágáil go luath. Cuidítear freisin le grúpaí de mhná óga a bhfuil páistí acu.

    Faoin am go raibh a cuid staidéir críochnaithe, bhí sí ag imirt do chlub Mhucrois i mBaile Átha Cliath agus d'Éirinn agus do Laighin go rialta. Trevor Watkins mar thraenálaí i Mucros agus Ian Steepe ina dhiaidh sin. Ainneoin nár bhain Mucros Corn na hÉireann ach uair amháin bhí an fhoireann sa chraobhchluiche cúig uaire.

    Bhaineadar an tSraith Náisiúnta trí huaire, Corn Laighean cúig uaire agus Sraith Laighean cúig uaire. Faoi láthair tá Mucros pointe amháin chun tosaigh i Sraith Laighean agus ceithre fhoireann ar a sáile. "Tá an caighdeán ag ardú i gcónaí", a deir sí. Arís d'éirigh go maith le Cúige Laighean agus bhain a gcuid cluichí leis na cúigí eile go suntasach.

    Imríonn Máire sna tosaithe, i gceartlár na páirce agus d'imir sna tacaithe freisin. Tá 92 caipín idirnáisiúnta aici agus gach cuma ar an scéal go mbainfidh sí an 100, líon nár baineadh amach riamh go dtí seo. Súile Mháire agus súile na foirne idirnáisiúnta uile dírithe anois ar Zimbabwe mí Lúnasa na bliana seo, áit a n-imreofar cluichí idir dosaen tír go scaoilfí sé cinn chun imirt sna comórtais dhomhanda ar ball. Traenáil 3/4 lá na seachtaine i gceist agus cuidiú mór ó Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, áit a gcuirtear gach áis tástála ar a gcumas agus ar a sláinte choirp ar fáil do na mná óga seo. Traenáiltear mar a thraenálann na laochra spóirt uile -- rith, cleachtadh scileanna, meáchain, cluichí cleachtaidh srl. Terry Gregg i mbun na foirne agus aire speisialta á thabhairt do mhná Laighean ag Fintan Butler.

    Ina dhiaidh sin uile, bíonn obair an lae le déanamh agus tacú leis na hiarrachtaí éagsúla agus na himeachtaí a eagraítear chun airgead a bhailiú chun na mórchostais a bhaineann leis an eagrúchán uile a ghlanadh. Iarracht speisialta ar siúl chun an óige a mhealladh ag na clubanna agus lucht leanúna iontach dílis do hacaí na mban. Ábhair suime eile aici siúlóid sléibhte, léitheoireacht (beathaisnéis agus úrscéalaíocht liteartha is fearr léi) agus é a thógáil go bog ó am go chéile. An t-ádh uirthi maidir le sláinte agus gan a bheith gortaithe. Bean óg, díreach ina cuid cainte agus ní idir dhá stól a thitfidh sí go deo, sílimid.

    Captaen cumasach ag imreoirí hacaí na hÉireann agus is cinnte nach gcaithfear ach 110% dá dúthracht agus dá cumas ar mhaithe leis an bhfoireann chéanna. Bígí ag tacú leo mí Lúnasa seo chugainn mar gur ócáid chinniúnach seo don chluiche hacaí ag mná na hÉireann.

    Go n-éirí go geall leo agus lena gcaptaen cróga! (Barr)


    Faigh SAOL gach mí (cruachóip)

    Tá SAOL le fáil saor in aisce ach costas an phoist a íoc, ar na rátaí seo a leanas:
     Éire agus An BhreatainAn EoraipLasmuigh den Eoraip 
    1-2 cóip gach mí£5£10£24in aghaidh na bliana
    2-10 cóip gach mí£10£20£50in aghaidh na bliana
    11-20 cóip gach mí£20£40£100in aghaidh na bliana
    Ní gá ach na bearnaí seo thíos a chomhlánú agus an fhoirm a sheoladh ar ais chugainn. Foilsítear SAOL gach mí ach amháin mí Lúnasa.
    Do: SAOL, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.
    Cuirtear chugam _____ cóip gach mí. Iniata tá £_____ (seic/O.P./eile)
    Ainm:
    Seoladh:
    Dáta:

    SAOL: Nuachtiris Mhíosúil Phobal na Gaeilge
    7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.
    Guthán: +353 1 676-3222

    Maoiniú: Bord na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta
    Ábhar: Údarás na Gaeltachta, Glór na nGael, An Pobal Beo, Bord na Gaeilge, srl.
    Clóchur srl.: Fiontair Ráithín
    Clódóirí: Connacht Tribune
    Eagarthóir: Colm Ó Tórna


    Michael Everson, Baile Átha Cliath, 1997-02-08