MacWrite Pro - Products



ProductsSoftwareSupport


Modh Ordaithe
Praghas sna Stáit
Bosaca Moltaí
Eolas Breise - (CG) *
Ceadúnas

* Tá Common Ground Miniviewer riachtanach chun an leathanach sonraí a fheiceáil.



Léargas ar an Táirge

Faigh toradh láithreach agus méadú suntasach tairgíochta le hearra bog MacWrite Pro. Sábháil am luachmhar le feidhmeanna mar bhileoga stíleanna, mar chruthú éasca táblaí, agus mar phailéid uirlisí ar snámh, a thabharfaidh rochtain láithreach duit ar bhuanna MacWrite Pro in aon ghliogáil luiche amháin. Tabharfaidh an teicneolaíocht insuite deis duit os cionn 20 formáid éagsúla comhad a rochtain, ar ríomhairí Macintosh, DOS, Windows, agus eile.



Príomhbhuanna

  • Staitisticí Mionna Doiciméad
    Coinnigh laistigh de threoracha oibre trí áireamh beacht a dhéanamh ar líon na gcarachtar, na bhfocal, na línte, agus na n-alt i sliocht roghnaithe téacs nó i ndoiciméad iomlán.
  • Cruthú Frámaí agus Timfhilleadh Téacs
    Coinnigh smacht iomlán ar leagan amach do leathanach. Cruthaigh, athraigh, agus ionsáigh nithe eile seachas téacs, mar shampla, ghrafaic, táblaí, cairteanna, agus nótaí, amhail is dá mba théacs a bhí iontu. Cuir téacs á thimfhilleadh timpeall ar ghrafaic gan dua.
  • Probhadh agus Eagarthóireacht Ilteangach
    Dearbhaigh an litriú nó aimsigh focail ar aon bhrí i mórtheangacha na hEorpa gan foclóirí idirnáisiúnta litrithe a mhalartú ar a chéile.
  • Táblaí Soláimhsithe
    Úsáid táblaí chun eolas a chur in iúl. Tosaigh le tábla bán agus ionsáigh téacs -- nó tiontaigh téacs réamhscríofa ina thábla -- chun aird a dhíriú ar an ábhar.
  • Postchumasc
    Scaoil amach foirmlitreacha agus liostaí ar ala na huaire le feidhmiúlacht réamhshocraithe uathoibríoch postchumaisc. Tig leat sonraí a rochtain ó fheidhmchlár FileMaker Pro, agus bunachar sonraí eile, chomh maith le comhaid téacs agus scarbhileoga.
  • Ionsá Díreach Comhad Grafaice
    Ionsáigh lógónna agus saothar ealaíne as feidhmchláir eile áit ar bith i do chuid doiciméad féin le cumas ionsáite grafaice. Gearr agus scálaigh íomhanna chun do thola.

  • Claris Main Contact Claris


    Cóipcheart © 1994-1996, Claris Corporation. Gach ceart ar cosaint. Trádmharcanna Claris. Trádmharcanna Apple. Fochomhlacht de chuid Apple Computer, Inc. is ea Claris. Cóiriú Gaeilge forbartha ag EGT. Ar fáil in Éirinn ó dhíoltóirí aitheanta Apple.