Tagaigí
linn go hAlbain! Bigí linn in Albain!
Beidh slua
mór as Éirinn ag dul go hÓbán ha hAlban an samhradh
seo don Chomhdháil Cheilteach Idirnáisiúnta, a bheidh ar
siúl ansin
ón 25ú Iúil go dtí an 30ú Iúil 2005.
I measc na
n-imeachtaí beidh léachtanna, oícheanta ceoil agus
laethanta spaisteoireachta.
Tuilleadh eolais ar
fáil ó
Áine Seoighe,
Rúnaí Chraobh na hÉireann
guthán
+353-1-639 8400
Imeachtaí
á n-eagrú ag Craobh na hAlban
r-phost:
[email protected]
---------------------------------------------------------------------------------------------------
Imeachtaí
eile Chraobh na hÉireann
Tionólfaidh
Craobh na hÉireann den Chomhháil Cheilteach oíche
siamsaíochta le blas Albanach i gCeannáras Fhoras na Gaeilge
19:3O-22:30 oíche Dé Máirt an 17ú Mí na
Bealtaine.
Tiomnófar
an oíche mar ómós do bheirt dár slua a cailleadh le
déanaí, mar atá, Róisín Bean Uí
Thuama, cruitire, agus Donncha Ó Muíneacháin, rinceoir.
Cead isteach
saor in aisce agus fáilte roimh chách.
CLÁR IMEACHTAÍ NA hOÍCHE
Bean
an Tí: Cáit Mhic Ionnraic
Caint
ar Albain le Mícheál Mac Aonghusa
Fístéip
agus cúpla focal Gàidhlig le hÁine Ní
Mhaoldomhnaigh
Ceol
taifeadta as Albain le Mícheál Ó Cillín
Ceol
beo cruite le Cormac de Barra
Amhráin
as Albain le Cór Duibhlinne
Roghnaíomar
téama Albanach mar ullmhúcháin do Chomhdháil
Idirnáisiúnta 2005 san Óbán, ar a mbeidh slua as
Éirinn ag triall.
Marion Gunn, OCP na Comhdhála Ceiltí in
Éirinn
---------------------------------------------------------------------------------------------------
CRAOBHACHA
NÁISIÚNTA NA COMHDHÁLA CEILTÍ
ALBA
Christine
Mac Kay, Alma, Cullipool, Isle of Luing,
Oban,
Argyll P A34 4TX. Guthán:
+44 1 852 314254.
R-phost:
Chris@eileanluinn. freeserve. co. uk
BREIZH
Loïk
Chapel, 5 straed Berlioz, 29600 Plourin
Montroulez, Breizh. Guthán: +33 298 62 26 37.
R-phost:
[email protected]
CYMRU
Gwyneth
Roberts, Arwel, 8 Maes y Drindod,
Aberystwyth, Ceredigion SY23 1LT.
Guthán:
+44 1 970 615057
ÉIRE
Áine
Seoighe, 7 Cearnóg Mhuirfean,
Baile Átha Cliath 2. Guthán : + 353 1 639 8400
KERNOW
Tony
Piper, 35 Treglenwith Road, Camborne,
Kernow TR14 7JA. Guthán: +44 1 209
711509
MANNIN
An
Dr Brian Stowell, 16 Hilary Road, Douglas,
Isle
of Man 1M2 3EG Guthán +44 1
624623821.
R-phost:
[email protected]
---------------------------------------------------------------------------------------------------
Baill Choiste na
hÉireann agus a gceangal le heagrais eile
Uachtarán:
An
tAth. Pádraig
Ó Cuill, O.F.M.
Cap.
Leas-Uachtarán:
Cáit
Mhic Ionnraic, Cór Duibhlinne
Cathaoirleach:
Róisín
Bn. Uí Chuill, Cór Duibhlinne, Cló Chaisil
Cisteoir:
Dónall
Ó Cuill, Cló Chaisil
Rúnaí:
Áine
Seoighe, Foras na Gaeilge, Aisteoirí Bulfin
Rúnaí
Ballraíochta:
Máire
Ní Shearcaigh, Oireachtas na Gaeilge
Oifigeach Caidrimh Phoiblí:
Marion Gunn, EGTeo, Finte na
hÉireann Teo., Foras Gnó na hÉireann,
NSAI, [email protected], An
Cumann le Béaloideas Éireann,
An Biúró Eorpach do
Theangacha Neamhfhorleathana
Gnáthbhaill:
Brighid
Seoighe, An Réalt
Áine
Noctor, Cór Duibhlinne
Áine
Ní Mhaoldomhnaigh, Club an Chonartha
Mícheál
Mac Aonghusa, Ionad Buail isteach na Gaeilge,
Cumann Gaelach Cois Life
Liam
Spáinneach
Fionnuala
Ní Chasaide
Treasa
Uí Laoghaire
Áine
Ní Mhuirí
---------------------------------------------------------------------------------------------------
Obit
Chaill
Craobh na hÉireann beirt dá baill ba dhilse i 2005. Bhí
Róisín Ní Sheaghdha Bean Uí Thuama as Baile
Átha Cliath ina Leas-Uachtarán ar Chraobh na hÉireann ar
feadh i bhfad. Amhránaí aoibhinn ilteangach agus cruitire den
scoth ab ea í, a chuir go mór le taitneamh ár
n-oícheanta in Éirinn agus ár n-aistear thar lear lena
tionlacan binn. Bhí Donncha Ó Muíneacháin as
Corcaigh ina churadh rinceora, a ghlac páirt in imeachtaí na
Comhdhála Ceiltí thar lear den chéad uair i 1976, agus a
chaith a dhúthracht ag múineadh a scileanna rince féin do
bhaill na Comhdhála.
---------------------------------------------------------------------------------------------------
SONRAÍ
TEAGMHÁLA
An Chomhdháil
Cheilteach
Craobh na
hÉireann
f/ch. 7
Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha
Cliath 2
Guthán: +353
1 639 8400
Facs: +353 1 639
8401
Idirlíon:
www.egt.ie/celtcong
Eagarthóir:
[email protected]
---------------------------------------------------------------------------------------------------
Arna nuashonrú/updated:
2005-05-24